Helianthus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoHelianthus Cuir in eagar ar Wikidata

lus na gréine Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
FofhineAsteroideae
GéineasHelianthus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Is géineas plandaí bláthanna bliantúla agus ilbhliantúla san fhine Asteraceae (na nóiníní) é Helianthus. Tá thart ar 70 speiceas sa ghéineas, ar a dtugtar lusanna na gréine de ghnáth.[1][2] Is é Helianthus annuus an speiceas is cáiliúla; de ghnáth is é an speiceas seo atá i gceist nuair a úsáidtear an téarma lom “lus na gréine” i nGaeilge. Seachas trí speiceas ó Mheiriceá Theas, tá na speicis Helianthus dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus Meiriceá Láir. Saothraítear H. annuus agus speicis eile, go háirithe an bliosán gréine (H. tuberosus), in aeráidí measartha agus i roinnt réigiún trópaiceach, mar bharra bia do dhaoine, d'eallach agus d'éanlaith chlóis, agus mar phlandaí ornáideacha.[3] Is gnách go bhfásann an speiceas H. annuus i rith an tsamhraidh agus go luath san fhómhar, agus is é lár an tsamhraidh an buaicshéasúr fáis.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sunflower Production”. North Dakota State University. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 August 2016. Dáta rochtana: 12 July 2016.
  2. “lus na gréine” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-23.
  3. "RHS A-Z Encyclopedia of Garden Plants" (2008): 1136. United Kingdom: Dorling Kindersley. ISBN 978-1-4053-3296-5. 
  4. Conservation Plant Characteristics - Helianthus annuus L. common sunflower HEAN3”. USDA - Natural Resources Conservation Service. Dáta rochtana: 1 April 2019.