Hans Lammers (Naitsí)
Naitsí agus saineolaí dlí ab ea Hans Lammers (27 Bealtaine 1879 – 4 Eanáir 1962); an príomh-chomhairleoir dlí de chuid na Naitsithe ba ea é agus bhí ról tábhachtach aige i gcur i bhfeidhm polasaithe na Naitsithe.
Ciontaíodh Lammers as coireanna cogaidh in 1949 ach scaoileadh saor tamaill ina dhiaidh, ar chúis éigin nach eol dúinn.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Ollscoil Breslau (Wrocław sa lá atá inniu ann) agus Ollscoil Heidelberg ba ea Lammers.[2] Bronnadh dochtúireacht sa dlí air sa bhliain 1902. Bhí sé ina bhreitheamh agus ina státseirbhíseach ina dhiaidh sin (seachas an tseirbhís a rinne sé sa Chéad Chogadh Domhanda).
Ghlac Lammers ballraíocht sa Pháirtí Naitsíoch in 1932, Rinneadh Státrúnaí agus Ceannaire Sheansailéireacht an Reich de, i ndiaidh 'ghabháil cumhachta' na Naitsithe sa bhliain 1933.
Sa bhliain 1937 chuir sé post mar Aire de chuid an Reich gan Cúram Roinne agus 'Chef der Reichskanzlei'. Sa bhliain 1939, d'éirigh Lammers ina bhall den comh-aireacht cogaidh. Mar sin, bhí Lammers ina chrann seasta i rith na coda is mó den Tríú Reich, lena smacht ar rochtain ar Hitler agus leis an bpáirt a ghlac sé agus roinnt an-mhór tionscnamh beartais á gcur i ngníomh, go mór mór má bhí saineolais dlí de dhíth acu.
Tháinig buaic a thionchair sa bhliain 1943, nuair a dhealraigh sé go raibh triúracht déanta aige leis An Marascal Machaire Keitel (thar ceann an Wehrmacht) agus le Martin Bormann (thar ceann an Pháirtí Naitsíoch) a bhí os cionn duine ar bith eile seachas Hitler féin.
Mar sin féin, as sin amach chuaigh cumhacht Lammers i léig, ós rud é go bhfuair Bormann an ceann is fearr air.
1945
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Lammers fágtha i leataobh faoi Aibreán 1945. Gabh na SS é fiú, mar gheall ar an gceangal a bhí aige le Hermann Göring, a bhí faoi smál, dar le Hitler. Bhí an t-ádh ar Lammers gur tháinig sé slán as an eachtra seo. Thug saighdiúirí Meiriceánacha 'tarrtháil' air in aice le Berchtesgaden (ní raibh na Rúisigh rófhada uaidh).
Chuir bean Lammers, Elfriede, lámh ina bás féin i dtús mhí na Bealtaine. Fuair a iníon, Ise, réidh léi féin dhá lá níos déanaí.
Nuremberg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Lammers ina fhinné i dtriail na bpríomhchoirpeach cogaidh Gearmánach (1945-46) agus ina chúisí i dTriail na nAireachtaí (1948-49). Ciontaíodh é sa bhliain 1949 agus gearradh téarma príosúnachta fiche bliain air.[3]
Laghdaíodh an breithiúnas sin go dtí deich mbliana príosúin in Eanáir 1951. Ach scaoileadh Lammers am éigin idir mí Nollag 1951 agus 1954, ós rud é gur measadh gur chaith sé na deich mbliana sin.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is beag iomrá a bhí air tráth a báis, sa bhliain 1962 in Düsseldorf (82). Tá Lammers curtha inniu i mBerchtesgaden (in aice le Obersalzberg), áit a chaith sé a laethanta saoire in éineacht le Hitler.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Robert S. Wistrich (2001). "Who's Who in Nazi Germany". 9780415260381. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-04. Dáta rochtana: 2022-01-04.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2022). "Hans Lammers". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Scoil Dlí. COBÁC (2019). "Lammers, Hans". Dáta rochtana: 2022.