Hamstar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoHamstar
Cricetinae Cuir in eagar ar Wikidata
Peach.jpg
hamstar buí Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
RangMammalia
OrdRodentia
FineMuridae
FofhineCricetinae Cuir in eagar ar Wikidata
Fischer von Waldheim, 1817

Creimire beag le heireaball gearr is cluasa móra. Stórálann sé bia i málaí taobh istigh dá leicne. Cónaíonn sé i bpoll.

Déanann sé cumarsáid le fuaim ardmhinicíochta. Is peata coitianta gné amháin, an hamstar órga.

Meastar gur de shliocht clainne amháin, máthair is a hál de 12 a tochlaíodh as a bpoll in Aleppo na Siria i 1930, gach hamstar órga baile ar Domhan anois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]