Hairicín Katrina

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtHairicín Katrina
Hairicín catagóir 5 (SSHWS/NWS) Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Imchuach aigéinAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2005 Atlantic hurricane season (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse23 - 31 Lúnasa 2005
TírPórtó Ríce, na Bahámaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Cúba Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisInternational response to Hurricane Katrina (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gaotha marthanacha uasta150 kn , 1 nóiméad Cuir in eagar ar Wikidata
Brú atmaisféarach is ísle902 hPa Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1,836 Cuir in eagar ar Wikidata
Costas damáiste108,000 M$ (2005) Cuir in eagar ar Wikidata

Spéirling ollmhór, gan fasach, a bhuail deisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Lúnasa 2005, ab ea Hairicín Katrina. Ní raibh aon choinne ag muintir New Orleans leis an scrios agus an t-uafás a lean Hairicín Katrina.[1]

Hairicín Katrina ag buaileadh New Orleans.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cumadh Hairicín Katrina i Mhurascaill Mheicsiceo ar an 23 Lúnasa. Idir timpeall 23 Lúnasa agus 31 Lúnasa, rinneadh go leor dochar do na Stáit agus na cathracha ag an gcósta deiscearta, agus áiteanna eile níos tuaisceartacha chomh maith.

Nuair a chlis ar leibhéanna cosanta na cathrach fágadh an chathair faoi uisce agus sin é an rud is mó a dhein díobháil. Fágadh córais chumarsáide, leictreachais is iompair na cathrach in aimhréidh.[1]

Maraíodh 1,833 duine[2] agus déanadh damáiste luach 115 billiún dollar

Ba iad Louisiana, Florida, Alabama, Texas agus Mississippi na stáit ina raibh formhór den damáiste déanta.

Mar bharr ar an donas ní raibh práinnfhreagairt na n-eagraíochtaí stáit agus feidearálacha thar mholadh beirte. Fágadh muintir na cathrach in umar na haimléise. Theith na mílte duine ar thóir tearmainn chuig an Louisiana Superdome.[3][1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Breandán M Mac Gearailt (28 Lúnasa 2022). "Léargas stuama agus truacánta ar thragóid a bhain le Hairicín Katrina" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  2. Kim Ann Zimmermann published (2015-08-27). "Hurricane Katrina: Facts, Damage & Aftermath" (en). livescience.com. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  3. "Effect of Hurricane Katrina on the Louisiana Superdome" (as en) (2022-08-30). Wikipedia.