Hairicín Helene, 2024
Hairicín catagóir 4 () | ||||
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Hurricane Helene (fr) Ouragan Hélène (el) Τυφώνας Χέλεν | |||
---|---|---|---|---|
Imchuach aigéin | Muir Chairib, Murascaill Mheicsiceo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cuid de | 2024 Atlantic hurricane season (en) | |||
Tréimhse | 24 - 27 Meán Fómhair 2024 | |||
Gaotha marthanacha uasta | 225 km/h | |||
Brú atmaisféarach is ísle | 938 hPa | |||
Spéirling ollmhór a bhuail deisceart na Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Mheán Fómhair 2024, ab ea Hairicín Helene. Ní raibh aon choinne ag muintir North Carolina, go háirithe, leis an scrios agus an t-uafás a lean Hairicín Helene.[1] Bhí sí ar cheann amháin de na stoirmeacha is cumhachtaí riamh a bhuail Carolina agus bhí go leor damáiste déanta aici.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an spéirling i dtír i Florida. Bhain gaotha na spéirlinge 225 ciliméadar san uair amach in Florida. Chuaigh sí i léig i ndiaidh tamaill. Bhí rabhadh tornádó eisithe níos faide ó thuaidh.
Ba iad Florida, Georgia, South agus North Carolina na stáit ina raibh formhór den damáiste déanta. Fuair níos mó ná 160 duine bás agus bhí i bhfad níos mó ar iarraidh.
Cnámh spairne pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus Feachtas Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 faoi lánseol, chuir Donald Trump ina leith Joe Biden agus Kamala Harris gur ag cur i gcéill a bhí siad.[2] Ní raibh na seirbhísí tarrthála in ann teacht i gcabhair ar dhaoine go ceann roinnt mhaith uaireanta. Mar bharr ar an donas ní raibh práinnfhreagairt na n-eagraíochtaí stáit agus feidearálacha thar mholadh beirte. Fágadh muintir North Carolina in umar na haimléise go háirithe.
Spéirling Milton
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail Spéirling Milton Florida timpeall 9/10 Deireadh Fómhair. Is cinnte go marófaí tuilleadh daoine murach gur ordaíodh do na milliúin aslonnú agus murach haistí a bheith sparrtha le hucht na stoirme.[3] Ach aon uair amháin eile, d'éirigh Milton ina chnámh spairne pholaitiúil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Daoine maraithe agus go leor damáiste déanta ag Spéirling i SAM" (as ga-IE).
- ↑ "Trump makes false claims about federal response as he campaigns in area ravaged by Hurricane Helene" (en). AP News (2024-09-30). Dáta rochtana: 2024-10-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-10). "Spéirling Milton lagaithe ach damáiste mór déanta aici" (as ga-IE).