Haemastáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cosc spontáineach ar rith fola ó fhuileadán gortaithe is ea haemastáis, ina mbíonn sraith céimeanna comhghaolmhara.

Crapann an fuileadán, rud a laghdaíonn an sreabhadh is an chailliúint fola. Foirmíonn dallán de phláitíní chun an poll i mballa an fhuileadáin a shéalú agus crapadh an fhuileadáin a fhuascailt, rud a laghdaíonn an sreabhadh fola a thuilleadh fós is a thosaíonn téachtadh na fola.

Téachtann an fhuil agus an phróitéin intuaslagtha sa phlasma, fibrinigin, athraithe chuig an bpróitéin dhothuaslagtha fibrin ag sraith imoibrithe einsímeacha. Gabhann an mogall iarmharach na cealla fola chun téachtán a chumadh, rud a neartaíonn an dallán pláitíní.

Má bhíonn éalang ar aon cheann de na próisis chasta seo, féadfaidh mí-ord rith fola a bheith ag duine, cosúil le haemifile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Haemastáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 339.