Gó (bordchluiche)
Sampla de | cluiche boird, game on cell board (en) agus two-player game (en) |
---|---|
Dáta a cruthaíodh | luach anaithnid |
Líon uasta na n-imreoirí | 2 |
Tuilleadh eolais | |
BoardGameGeek | 188 |
Bordchluiche straitéiseach beirte is ea gó a thosaigh sa tSean-Sín sa tréimhse 2000 RC go 200 RC. Tá an-ghnaoi ar an gcluiche seo ar fud na hÁise; sa tSeapáin agus sa tSín go háirithe. Le teacht an idirlín, tá níos mó daoine ag imirt gó ar fud an domhain.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann an t-ainm Gaeilge ón Seapáinis 碁 [go]; ciallaíonn an ainm Sínise 圍棋 [wéiqí] "Bordchluiche Timpeallaithe". Tugtar 바둑 [baduk] sa Chóiréis.
Rialacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. |
Tá an cluiche cosúil le fichille mar is cluiche straitéiseach é. Ach tá cothrom na féinne idir gach fiche; Níl rí ná banríon le cumhacht breise sa chluiche seo. Nuair a thosaíonn an cluiche, níl aon phíosa ar an mbord. Cuireann an t-imreoir píosa (darbh ainm "cloch") ar an mbord. Tá téarmaí speisealta ann ó theanga na Seapáine mar shampla uttegae sórt íobartha agus imeartha sa tsúil. Tá an cluiche bunaithe ar shean-chogadh sa tSeapáin agus b'éigean na himreoirí fiche nó talamh an imreora eile a timpeallú. Uaireanta níl tú ró-chinnte, níl sé soiléir cé a bhuaigh an cluiche agus caithfidh na himreoirí comhaireamh a dhéanamh. Tarlaíonn sé sin nuair atá an cluiche géar.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- IGA-Rialacha - Rialacha an Chluiche