Géinitíopa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An gaol idir géinitíopa agus feinitíopa á léiriú le cearnóg Punnett, agus dath na bpeiteal ar phlandaí piseanna mar eiseamláir. Seasann na litreacha B agus b do na géinte i gcomhair dhath agus taispeánann na pictiúir na bláthanna a thagann mar thoradh orthu.

Is é is géinitíopa ann ná na géinte a bhíonn ag ball amháin ar leith de chineál orgánach. Úsáidtear an téarma do líon iomlán na ngéinte, nó na géinte ar leith ag lócais shonraithe sa chrómasóm. Táirgeann idirghníomhú tháirgí na ngéinte sin (RNA, próitéiní) le chéile agus leis an gcomhshaol uile ina bhfásann an t-orgánach an feinitíopa, an raon tréithe a bhíonn le brath.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Géinitíopa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 312.