Gás
Cuma
Staid damhna is ea gás, ina bhfuil mí-ord ar na hadaimh (nó na móilíní), iad scoite óna chéile, an-soghluaiste, gan idirghníomhú gur fiú trácht air.
Bíonn an dlús íseal (timpeall an 1000ú cuid de dhlús solaid) agus an inchomhbhrúiteacht ard. In ann sreabhadh go héasca.
Líonann sé an soitheach iata ina bhfuil sé. Athraíonn gach damhna ina ghás nó ina ghal ach an teocht a ardú a dhóthain.
Gáis nach n-imoibríonn le chéile, déanann siad meascán aonchineálach, is cuma cén chomhréir díobh atá ann.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gas (planda)
- Gás nádúrtha
- Gás idéalach
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 306.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |