Guáin na Fraince
Guáin na Fraince | |||||
---|---|---|---|---|---|
Guyane (fr) | |||||
|
|||||
Mana | «Fert Aurum Industria» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
Príomhchathair | Cayenne | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 288,382 (2022) | ||||
• Dlús | 3.45 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis Guianan Creole (en) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Meiriceá Theas Meiriceá Laidineach | ||||
Achar dromchla | 83,534 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Bellevue de l'Inini (en) (831 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Equinoctial France (en) | ||||
Cruthú | 21 Márta 1946 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Regional Council of French Guiana (en) | ||||
• Ceannaire an rialtais | Rodolphe Alexandre | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .gf | ||||
Glaochód | +594 | ||||
Cód tíre | GF | ||||
Cód ISO 3166-2 | FR-973 agus FR-GF | ||||
Cód NUTS | FRA3 | ||||
Cód INSEE | 973 | ||||
Cód réigiúin INSEE | 03 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | ctguyane.fr | ||||
Is roinn thar lear (département d'outre-mer, nó DOM sa Fhraincis) de chuid na Fraince í Guáin na Fraince (Guyane française sa Fhraincis, Guyane i gceart). Tá an tír lonnaithe i oirthuaisceart Mheiriceá Theas, idir Suranam agus an Bhrasaíl, ar an gcósta Atlantach. Cé nach bhfuil sí suite san Eoraip, is cuid den Aontas Eorpach í an chríoch seo. Tá sí le feiceáil ar nótaí an euro. Is é Cayenne an phríomhchathair. Tá 229,000 éigin duine ina gcónaí i nGuáin na Fraince (meastachán ó INSEE a rinneadh sa bhliain 2010).[1] Tá lárionad spáis Eorpach in Kourou ar an gcósta siar ó Chayenne. Is í an Fhraincis teanga oifigiúil na roinne agus tá fásteanga Ghuáin na Fraince á labhairt go forleathan ann chomh maith. Thairis sin tá Béarla, Spáinnis, fásteangacha eile (cosúil leis an teanga Saamaka nó Saramacca, atá bunaithe ar an mBéarla) agus teangacha bundúchasacha Meiriceánacha cosúil leis an teanga Arawak le cloisteáil, ach is í an Fhraincis an teanga ardstádais ar fud an réigiúin.
Tá vóta ag muintir Ghuáin na Fraince i dtoghcháin uachtaránachta na Fraince. I dtoghcháin na bliana 2017, ar an 8ú Bealtaine, vótáil 64.9% % ar son Emmanuel Macron agus chaith 35.1% vóta ar son Marine Le Pen. Vótáil 41.9% de mhuintir na hoileáin sa toghchán is déanaí ach bhí 4% do na vótaí millte agus bhí 9.2% eile bán.
Is í Guáin na Fraince an roinn is mó atá ag an bhFrainc - ó thaobh an achair de tá sí níos mó ná aon seachtú cuid den Fhrainc Eorpach féin. I gcomparáid leis an achar seo áfach, tá an daonra an-bheag, agus duine as gach beirt ina chónaí i réigiún na príomhchathrach, Cayenne. Tá Guáin na Fraince á rialú ag an tionól ionadaíoch ar a dtugtar Assemblée de Guyane, a tháinig i gcomharbas ar chomhairle na ranna agus comhairle an réigiúin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi thíreolaíocht na Fraince é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |