Guto Harri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGuto Harri

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Iúil 1966
57 bliana d'aois
Caerdydd, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Caerdydd
The Queen's College
Ysgol Llanhari (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirBoris Johnson (2008–2012)
News UK (en) Aistrigh
Liberty Global
BBC Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairHarri Pritchard Jones

IMDB: nm1665188 Cuir in eagar ar Wikidata

Is craoltóir, scríbhneoir agus comhairleoir cumarsáide straitéiseach Breatnach é Guto Harri (rugadh 8 Iúil 1966). Feidhmíonn sé mar Stiúrthóir Cumarsáide Shráid Downing.

Chaith Harri 18 mbliana mar iriseoir ag an BBC. Ó 2008 go 2012 bhí sé ina stiúrthóir ar ghnóthaí seachtracha do Mhéara Londain Boris Johnson.[1] D’oibrigh sé le News International ó 2012 go 2015, Liberty Global ó 2016 go 2017, Hanover Communications ó 2018 go 2020,[2] agus Hawthorn Advisors ó 2020 go 2022.

I mí na Bealtaine 2021, chuaigh Harri isteach i GB News mar láithreoir; cuireadh ar fionraí é agus d’éirigh sé as ina dhiaidh sin i mí Iúil 2021 tar éis dó dul ar a ghlúin ar aer. In 2022, cheap an Príomh-Aire Johnson Harri mar Stiúrthóir Cumarsáide Shráid Downing, tar éis do Jack Doyle éirí as.

Luathshaol agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Guto Harri i gCaerdydd don scríbhneoir agus síciatraí Harri Pritchard-Jones agus Lenna (née Harries). Cainteoir Breatnaise ó dhúchas é, rinne sé staidéar i Tonyrefail Community School agus i Ysgol Bryntaf, sular d’fhreastail sé ar Ysgol Gyfun Llanhari.[3] Tar éis dó A Leibhéal a bhaint amach, glacadh le Harri isteach i gColáiste na Banríona, Oxford, áit a ndearna sé staidéar ar fhealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht. Ansin rinne sé cúrsa iarchéime san Iriseoireacht Chraolacháin in Ollscoil Caerdydd.[4]

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh sé a ghairm bheatha i raidió na na Breatnaise sular bhog sé go líonra raidió agus teilifíse. Chuir sé go rialta le clár Newyddion S4C agus ar roinnt clár faisnéise stairiúla do S4C. Chuir sé roinnt de phríomhchláir toghcháin BBC Wales i láthair níos déanaí.[5]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. BBC News.http://news.bbc.co.uk/1/hi/uk_politics/7392127.stm
  2. "Honorary Doctorate for political broadcaster, Guto Harri". www.southwales.ac.uk.
  3. "Honorary Doctorate for political broadcaster, Guto Harri". www.southwales.ac.uk.
  4. "Honorary Doctorate for political broadcaster, Guto Harri". www.southwales.ac.uk.
  5. "Guto Harri". BBC News.