Guagadh
Appearance
Mírialtacht bheag i ngluaiseacht na Gealaí ionas go mbíonn an chuma uirthi go bhfuil sí ag ascalú. Is áisiúil é seo do bhreathnadóirí ar Domhan, mar ligeann sé dóibh feiceáil thar chiumhais nó imeall seachtrach na Gealaí de réir mar a théann sí chun tosaigh nó chun deiridh maidir lena fithis. Mar thoradh air seo, bíonn 59% de dhromchla na Gealaí infheicthe ón Domhan thar am.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Guagadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 335.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |