Jump to content

Grotto Place Castle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grotto Place Castle
Sonraí
CineálTeachín Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCill Choirle, Éire Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Grotto Place Castle an t-ainm ardnósach a bhronn an file, an scríobhaí, agus an ‘ollamh’ le Gaeilge, Art Mór Ó Murchaidh (fl.1820) ar a áit chónaithe umhal sa pharóiste Chill Choirle, Contae Lú ag tús an naoú haois déag. Bothán ar thaobh an bhóthair, i ndáiríre, a bhí sa ‘chaisleán’ seo, a bhí suite ag Crosbhóthar Bhaile Thomáis, cúpla míle siar an bóthar ó Dhún Dealgan, ar an phríomhbhóthar idir an baile sin agus Carraig Mhachaire Rois i gContae Muineachán. Chuir Nicolás Ó Cearnaigh, dalta cáiliúil de chuid Airt, síos ar an bhothán seo mar ‘a wretched hole where Murphy dwelt.[1] Bhí páirc darbh ainm ‘Grottefield’ taobh thiar den bhothán agus ceaptar go raibh fochla de shaghas éigin sa pháirc seo tráth agus is dócha gur bhaist Art a bhothán i ndiaidh ainm na páirce. Bhí sé de chlú ar Art riamh go raibh féith an ghrinn aige agus gur chleacht sé gothaí ardnósacha. Ach bíodh gur bothán a bhí ann, bhí an teach seo ina cheárta ghníomhaíochta liteartha Gaeilge agus Art i mbarr a réime ag tús an naoú haois déag. Lóchrann dóchais a bhí ann i dtalamh bán an naoú haois déag, am a raibh an teanga, dar le Diarmaid Ó Doibhlin Curtha i gcartlann 2010-06-27 ar an Wayback Machine ‘ag imeacht ina rith collaigh i dtreo imeall an duibheagáin.’ Ach i bparóiste Chill Choirle bhí neart fuinnimh fós fágtha sa teanga cois tine ag an am seo agus is cosúil nach raibh fadhb ar bith ag Art a chuid comharsan a mhealladh isteach chuig Grotto Place Castle chun bheith páirteach i saothrú an léinn Ghaelaigh. Chuir an tAthair Lorcan Ó Muireadhaigh (1883–1941) ar ár súile dúinn go raibh an Ghaeilge ina ‘ language of the home in the parish of Kilkerley Curtha i gcartlann 2011-01-28 ar an Wayback Machine' fiú chomh déanach le 1830. Le cois sin is fada agus is oirirc í stair an pharóiste seo ó thaobh litríocht na Gaeilge de. Cosúil leis na seacht gcathair Ghréige a mhaígh gur laistigh dá mballaí a saolaíodh an file Hóiméar, maíonn an paróiste beag seo gur laistigh dá chuid teorainneacha a saolaíodh ní mórfhile amháin, ach beirt mhórfhilí de chuid an seachtú agus an ochtú haois déag, sé sin Séamas Dall Mac Cuarta (c.1647-1733) agus Art Mac Cumhaigh (1715?/ 1738?-1773). Ar ndóigh tá cúpla insint eile i dtaobh na n-áiteanna inar saolaíodh an bheirt mhórfhilí seo ach cibé áit inar rugadh iad, is cinnte go raibh baint láidir acu le Cill Choirle, agus gur chaith siad beirt cuid mhaith ama ann. Scríobh siad beirt dánta molta ar theaghlaigh mhóra ón pharóiste. Scríobh Mac Cuarta dán molta ar chlann Mhic Dhiarmada, an teaghlach Caitliceach ba mhó a bhí ina chónaí i gCill Choirle lena linn. Bhíodh cónaí ag an teaghlach seo i dteach mór i mBaile Thomáis, teach a bhí suite sa ‘grottefield’ céanna is a bhí bothán Airt Uí Mhurchaidh. Is dócha gur tharraing Ó Murchaidh as an oidhreacht seo nuair a mheall sé a chuid comharsan isteach chuig Grotto Place Castle chun bheith páirteach i ngníomhaíocht liteartha.

Art Mór Ó Murchaidh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scata daoine in aon cholainn bheo amháin a bhí in Art Mór Ó Murchaidh. Thug sé a bheatha i dtír mar fheirmeoir beag, ach chomh maith leis sin d’fheidhmigh sé mar mhúinteoir scoile, mar fhile agus mar scríobhaí.[2] File fiúntach go leor a bhí in Art. Tá áit tugtha do dhá dhán leis ag Énrí Ó Muirgheasa ina chnuasach filíochta, Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, a foilsíodh sa bhliain 1934. Ach glactar leis go forleathan sa lá atá inniu ann gur mó a thábhacht mar chatalaíoch liteartha ná mar fhile cruthaitheach ann féin. Áitíonn Tomás Ó Fiaich ‘...one gets the impression ...that his poetic talents were not on a par with his enthusiasm.[3]’ Aorthóir a bhí ann go príomha agus uaireanta, mar a mhaíonn Ó Dufaigh, caitheann sé go spídiúil leo siúd atá faoi chaibidil aige: ‘Most of his verse is preoccupied with comment...often derogatory, on his fellow Gaelic scholars and on his unfortunate neighbours[4]'.In aoir amháin leis, I mBailethomáis i chois Dhuineachmóir, tarraingíonn sé beagnach gach comharsa dá chuid isteach sa scéal agus déanann sé ceap magadh de chuid mhaith díobh. Cuireann Ó Dufaigh síos ar an dán seo mar opus magnus Airt. Tá cóip iomlán den dán seo caomhnaithe i measc lámhscríbhinní de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann sa lá atá inniu ann (RIA MS 12/B1/5) agus d’fhoilsigh Matthew Moore Graham aistriúchán Béarla de faoin teideal ‘The War of Donaghmore’ sa bhliain 1933. Cearca de chuid comharsan le hArt a rinne mínós ar a chuid talaimh a chéadspreag an aoir seo. Faightear blaiseadh de stíl Airt ó rann seo a leanas as aoir eile dá chuid, Laoi an Ghiosdaire Mhaoil, aoir atá dírithe ar fhile agus ar mhúinteoir cois claí eile, fear den sloinne ‘Daly.’

Ach d’imthaigh sé uainn ‘s go raibh an turadh ‘na dhéidh,

Tá dúil agam nach dtilleann sé chugainn go réidh ’

S bé díoga an domhain is droch-earradh an tsaoghail

An giosdaire gan choisreacadh, an giosdaire maol.

Tuairimíonn Ó Muirgheasa gur Peadar Dubh Ó Dálaigh a bhí sa ‘ghiosdaire maol’ seo, file, scríobhaí agus múinteoir as Contae na Mí

Imeachtaí Grotto Place Castle

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le cois a shaothar fileata, chaith Ó Murchaidh an-dua ag cur an léinn Ghaelaigh faoi bhráid a chuid comharsan. Bhunaigh sé sórt dámhscoile ina measc agus ghlac sé páirt an ollaimh inti. Theagascadh sé ceird na cumadóireachta, agus chuireadh sé na baill ag cumadh agus d’eagraíodh sé iomarbhánna filíochta le feabhas a chur ar a saothar filíochta. Deirtear gur thionóladh Art an iomarbhá filíochta dheireanach a tharla in Éirinn riamh. Ba é ‘Grottoplace Castle’ ceannáras na gníomhaíochta seo go léir. Tagann an t-eolas sin anuas chugainn trí lámhscríbhinní de chuid Uí Mhurchaidh féin agus lámhscríbhinní de chuid cúpla ‘deisceabal’ leis, mar a thugadh sé ar na daoine a ghlac páirt sna himeachtaí leis. Tá ainmneacha na 'ndeisceabal' sin sioctha sna lámhscríbhinní sin. D'fheidhmigh beirt fhear áitiúla mar rúnaithe ar choiste Grotto Place Castle, Patrick Dullaghan agus Pádraig Ó Gallóglaigh. Ghlac an bheirt fhear seo páirt i ngníomhaíocht lárnach an chumainn freisin. Tá lámhscríbhinn de chuid Uí Ghallóglaigh, bailiúchán dánta, i seilbh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sa lá atá inniu ann (NLI MS G200), agus faighimid dánta dá dhéantús féin i measc bhailiúchán Uí Muirgheasa i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, dánta a chuir sé isteach mar iontrálacha ar iomarbhánna an chumainn. I lámhscríbhinn eile atá ar coimeád in Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA 23 B 19) a bhaineann leis an bhliain 1826, nochtar an modh oibre a bhí ag an ngrúpa. Is cosúil go moladh duine den chumann téama, go dtéadh na baill i mbun cumadóireachta agus ansin go roghnaíodh an duine a mhol an téama i dtús báire an buaiteoir. Sin an modh oibre atá le sonrú i Lámhscríbhinn RIA 23 R B fosta, áit a bhfeicimid rainn ar théama an Phrotastúnachais agus an baol a bhain leis, ón fhear a mhol an téama, Eoin Lennon, agus ó chúigear ball eile den chumann, Mairia Ní Cearnaidh, Pádraig Ó Gallóglaigh, Brian Ó Roduigh, Art Ó Murchaidh é féin, agus b’fhéidir, Nioclás Ó Cearnaigh (tá an t-ainm deireanach seo doléite).

Na deisceabail is iomráití: Graham agus Ó Cearnaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beirt fhear óg a tháinig go mór faoi thionchair Airt ná fear eile de bhunadh Chill Choirle, Nioclás Ó Cearnaigh (c.1802–c.1865) agus fear as baile Dhún Dealgan, Mathew Moore Graham (1805–1882).

Mathew Moore Graham

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Mathew Moore Graham isteach chuig Grotto Place Castle oíche éigin sa bhliain 1828, agus chuaigh imeachtaí an tí go mór i bhfeidhm air. D'fhág sé an cuntas seo maidir leis an oíche sin.

…Many of Oisin’s songs were sung, or repeated...the words and airs made a deep impression on my mind. Upon the first opportunity, I began to study my venerable vernacular tongue, and to feast on the inexhaustible delicacies contained in it.[5]

Chuala Graham an laoi Fiannaíochta, Laoidh na Mná Móire, á aithris an oíche sin, agus sa bhliain 1833 d’fhoilsigh sé aistriúchán Béarla den laoi, The Giantess, from the Irish of Oisin. I ndiaidh dó é sin a chur i gcrích, thosaigh sé ag obair i gcomhpháirtíocht le Nioclás Ó Cearnaigh ar leabhar eile, leabhar dar teideal ‘The Bardic Remains of Louth’. Níor foilsíodh an leabhar seo riamh, ach tá dhá chóip den dréacht le fáil sa lá atá inniu ann, ceann acu in Acadamh Ríoga na hÉireann agus ceann eile i gColáiste na hOllscile, Bhaile Átha Cliath.

Nioclás Ó Cearnaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil le Mathew Moore Graham, idirghabhálaí cultúrtha a bhí in Nioclás Ó Cearnaigh fosta. Chaith siad beirt an-dua ag iarraidh an cultúr scríofa Gaelach a chur i dtuiscint don léitheoir Béarla, agus sin go díreach a bhí i gceist acu leis an leabhar 'The Bardic Remains of Louth' Roghnaigh siad saol agus saothar an fhile Oiriall, Peadar Ó Doirnín (c1700-1769) mar phríomhábhar don leabhar sin. Bhí Ó Cearnaigh freagrach as filíocht Uí Dhoirnín agus eolas ar shaol an fhile a bhailiú. Chuirfeadh Graham aistriúcháin Bhéarla ar na dánta. Bhí seasca bliain ann ó d’imigh Peadar Ó Doirnín ar shlí na fírinne agus, ag an am seo, ní raibh mórán tráchta air mar fhile taobh amuigh dá sheandúiche seilge i dtuaisceart Chontae Lú agus i ndeisceart Chontae Ard Mhaca. D’fhéadfaí a léamh ar iarrachtaí Graham agus Ó Cearnaigh go raibh sé de chuspóir acu an scéal seo a chur i gceart. Ach ar an drochuair bhí féith na bréagadóireachta in Ó Cearnaigh agus sa lá atá inniu ann níl aon iontaoibh ag lucht léinn as an ábhar a chur sé ar fáil don leabhar. Scríobh sé Memoir ar shaol an fhile agus sholáthair sé seacht n-amhrán is daichead de chuid an fhile, ábhar atá anois le fáil i Lámhscríbhinn 17 de chuid bhailiúchán Uí Mhuirgheasai Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Maidir leis an chuntas a thugann Ó Cearnaigh ar shaol Uí Dhoirnín, maíonn Ó Buachalla gurb é ' bun agus barr an scéil ná fuil sa Memoir seo ach bunús éigin fírinne, cuid mhaith béaloideasa...agus cumadóireacht Í Chearnaigh féin[6].’ Agus tá an scéal níos measa fós nuair a amharcaimid ar na dánta. Deir Breandán Mac Cnaimhsí, 'Ní dócha gur chum Peadar Ó Doirnín thar deich gcinn de na seacht n-amhrán is daichead atá thíos dó ag Nioclás sa lámhscríbhinn sin.'[7] Ba léir gur déantús dá linne féin a bhí sa chuid is mó den saothar a chuir Ó Cearnaigh ar fáil don leabhar, agus ní déantús de chuid an chéid roimhe sin, am a raibh an Ghaeilge níos saibhre.

Bíodh nach bhfuil mórán iarsmaí de chuid ré na mBard sa saothar The Bardic Remains of Louth, ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon fhiúntas ag gabháil leis an saothar seo. Chabhraigh an méid fíorshaothair de chuid Uí Dhoirnín atá ann ainm an fhile sin a chur in airde agus taifead tábhachtach a dhéanamh ar roinnt dá shárshaothar, an t-amhrán Úr-chnoc Chéin Mhic Cáinte ina measc. Maidir leis an bhreis is tríocha dán a chum an Cearnach in ainm Uí Dhoirnín, cé nach bhfuil a lán acu ar mhórán fiúntais, tá cuid acu greanta, éifeachtach agus tábhachtach ó thaobh litríocht na Gaeilge de. Le roinnt blianta anuas chuir léirmheastóirí suim i bhfilíocht Uí Chearnaigh mar shaothar ann féin ag tabhairt san áireamh gur sa naoú haois déag a cumadh é, agus fuair dhá dhán de chuid na ndánta a leag sé ar Ó Doirnín, Cumha na Máthara agus Ar Sáile Anonn, moladh úisiúil uathu. Cuireann Ó Fiaich síos ar Cumha na Máthara mar ‘one of the finest poems, in Irish or English, written in this country in the nineteenth century.[8]' agus maíonn Ó Doibhlin go mbeadh ‘eolas orthu a fhad agus a mhairfidh an Ghaeilge agus gnóthóidh siad áit dó [O Cearnaigh] i nduanairí agus ar chúrsaí léinn.’[9]

  1. Luaite ag Seán Duffy, ‘Art Murphy and Gaelic Literary Activity in the Dundalk Area in the 1820s’, in County Louth Archaeological and Historical Journal (1987), lch. 234.
  2. Seán Duffy, ‘Art Murphy and Gaelic Literary Activity in the Dundalk Area in the 1820s’, in County Louth Archaeological and Historical Journal (1987),
  3. Tomás Ó Fiaich, ‘The Ulster Poetic Tradition in the 19th Century‘ in Léachtaí Cholm Cille, lll, (1972), lch. 25
  4. Duffy, Seán,‘Art Murphy and Gaelic Literary Activity in the Dundalk Area in the 1820s’ in County Louth Archaeological and Historical Journal (1987), Lch 244
  5. Séan Ó Dufaigh agus Diarmaid Ó Doibhlin, Nioclás Ó Cearnaigh, Beatha agus Saothar (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. do Éigse Oirialla, 1989),Lch 14.
  6. Ó Buachalla, 'Peadar Ó Doirnín agus Lucht Scríte a Bheatha’ in Studia Hibernica 5 (1985), lch. 153
  7. Breandán Mac Cnáimhsí, ‘Nioclás Ó Cearnaigh' in County Louth Archaeological and Historical Journal, XV1, 4 (1968),lch. 236.
  8. Tomás Ó Fiaich, ‘The Ulster Poetic Tradition’, lch. 29.
  9. Ó Dufaigh agus Ó Doibhlin, lch. 91.