Grisaille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéireacht a dhéantar go hiomlán i ndoimhneachtaí éagsúla leith. Uaireanta déantar é chun cuma na dealbhóireachta a chur uirthi mar chuid de scéim maisiúcháin. Dhéantaí cóip bheag grisaille de phictiúr mór go minic chun gurbh fhéidir leis an ngreanadóir oibriú dá réir. Ag am na hAthbheochana thosaíodh péintéirí le grisaille mar fho-phéintéireacht. Sa Mheánaois dhéantaí fuinneoga gloine, a bhíodh ildaite de ghnáth, i ngrisaille mar chomhartha déine uaireanta (mar a rinne na Cistéirsigh).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Grisaille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 334.