Griogair Labhruidh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 24 Deireadh Fómhair 1982 43 bliana d'aois Earra-Ghàidheal, Scotland |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, ceoltóir |
| Seánra | Ceol traidisiúnta na hAlban |
| Suíomh gréasáin | griogairmusic.com |
Is amhránaí traidisiúnta Gaelach é Griogair Labhruidh le stíl na nOileán Siar agus Earra-Ghàidheal. Is píobaire an-tréitheach agus cumadóir ceoil na bpíopaí araon le ceoil agus filíochta.

Baineann Griogair le teaghlach na Labhraic ó Cheann a'Tuath, Earra-Ghàidheal; teaghlach ar a bhfuil clú agus cáil in Albain don cheol Gaelach. Cé gur tógadh é ar thaobh Loch Laomainn bhí sé tumtha i dtraidisiúin a mhuintir óna chuid óige.
Tá canúint, oidhreacht agus ceol uathúil ag baint leis an dúiche as a dtáinigh sé, cultúr leis an iliomad amhráin, foinn agus scéalta. Bhí mórán amhránaithe, píobairí agus scéalaithe i measc a shinsear ar dhá thaobh don teaghlach aige (tá ceangail le hEarra-Ghaidheal agus an tOileán Sgitheanach ar thaobh a mháthair de freisin). Scaip athair Ghriogair an traidisiún píobaireachta chuig a mhac, a d'fhág an ceol Gaelach mar chuid lárnach dá shaol agus é ag fás aníos.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- http://www.griogairsmusic.webs.com/ Curtha i gcartlann 2011-06-20 ar an Wayback Machine
- http://www.musicinscotland.com/acatalog/Griogair_Labhruidh.html Curtha i gcartlann 2012-02-03 ar an Wayback Machine
- http://www.cdbaby.com/cd/griogair
- http://www.youtube.com/watch?v=GtHTlzK6OM8