Grianghrafadóireacht Kirlian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is féidir réimse dhian leictreach a chruthú le foinse ardvoltais (30-50 kV) agus í a thaifeadadh ar phláta fótagrafach mar thrasnaíocht leictreach. Má chuirtear ábhair sheoltacha sa réimse, taifeadtear íomhá de dhromchla an ábhair. I gcás inslitheora, taifeadtar íomhá den taobh istigh den ábhar. Má chuirtear rud beo sa réimse, faightear íomhá shainiúil de. D'fhionn na hinnealtóirí Rúiseacha Semyon is Valentina Kirlian an feiniméan seo sna 1950idí, féiniméan atá ina ábhar taighde i láthair na huaire.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianghrafadóireacht Kirlian". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 386.