Grianfhuinneamh
Grianfhuinneamh nó fuinneamh gréine a thugtar ar fhuinneamh a thagann ón ngrian. An comhleá eithneach i gcroíleacán na gréine, cruthaíonn sé fuinneamh tonnach leictreamaighnéadach den fhuinneamh eithneach sin. Radaítear an fuinneamh sin amach as an grian, agus sin í an fhoinse leis an gcuid is mó den fhuinneamh a mbaineann daoine feidhm as ar domhan.
Breoslaí iontaise is iad an ola, an mhóin, an gual, an gás aiceanta, agus is iontu a thaisctear an grianfhuinneamh sin. Déantar grianfhuinneamh a thaisc i gcruth indóite chomh maith in adhmad freisin. Na hábhair eithneacha agus na dúile radaighníomhacha, is le meath i gcroíleacán an domhain a ghineann siad sin teas. Is ó fhoinsí réaltacha iad sin chomh maith, ach ní ón ngrian iad. Ba linn don domhan a bheith á chruthú a bailíodh isteach iad. An fuinneamh a fhaightear ón ngaoth, nó ó uisce an domhan, is grianfhuinneamh taiscithe é sin leis.
Fuinneamh na dtaoidí áfach, ní grianfhuinneamh é sin. Ar an gcuid is mó de, is é aomadh imtharraingteach na gealaí is mó is ciontach le fuinneamh na dtaoidí; agus an gluaiseacht uilleach de bharr rothlú an domhan ar a ais - tá baint bheag aige sin leis an scéal chomh maith.
An fuinneamh atá i dtaisce i bplandaí - is le fótaisintéis a dhéantar é. Tá cealla fótavoltacha ann agus baintear leas astu sin chun grianfhuinneamh a athrú díreach ina fhuinneamh aibhléiseach. Is é an cineál seo fuinneamh aibhléiseach is gnáiche i satailítí a ghabhann timpeall an domhain. Maidir le tithe a théamh de; is é rud a dhéantar grianfhuinneamh a thiomsú le gairis tiomsaithe; agus é a athrú ina theas. De réir a chéile is mó an glacadh atá leis an tslí sin téite ar fud an domhain, go mór mór sna tíortha teo.
Is féidir aibhléis a ghiniúint díreach ó solas na gréine. Nuair a bhuaileann gathanna an gréine dromchla grianphainéil ina bhfuil cealla fótavoltacha ann, cuireann sé na leictreoin ag gluaiseacht i sruth agus séard atá ná aibhléis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |