Is imeacht rásaíocht charranna Foirmle a hAon i mBairéin é Grand Prix Bairéin (Araibis: جائزة البحرين الكبرى), nó an Gulf Air Bahrain Grand Prix go hoifigiúil mar gheall ar chúiseanna urraíochta.[1] Tharla an chéad rás ar 4 Aibreán 2004 ag Ráschúrsa Idirnáisiúnta Bairéin. Ba é an chéad Grand Prix Foirmle a hAon a eagraíodh sa Mheánoirthear. Is é an dara, tríú, nó ceathrú rás ar an fhéilire Foirmle a hAon. Sa séasúr 2006, mhalartaigh Bairéin leis an osclóir traidisiúnta, Grand Prix na hAstráile, a bhí curtha ar athlá chun teacht le chéile a sheachaint le Cluichí an Chomhlathais.
Is síol faoi Foirmle a hAon é an t-alt seoCuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.