Grús Sibéarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGrús Sibéarach
Leucogeranus leucogeranus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais197 g (meáchan breithe) Cuir in eagar ar Wikidata
Réise sciathán235 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál2 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir29 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
I mbaol criticiúil
UICN22692053 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdGruiformes
FineGruidae
GéineasLeucogeranus
SpeiceasLeucogeranus leucogeranus Cuir in eagar ar Wikidata
(Pallas, 1773)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airGrus leucogeranus Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha

Is éan d'fhine na Gruidae é an grús Sibéarach (Leucogeranus leucogeranus). Tá siad sainiúil i measc na gcrús, bíonn na haosaigh fásta bán-sneachta beagnach go léir, ach amháin a gcuid cleití dhubha phríomhúla atá le feiceáil agus iad ar eitilt agus le dhá phobal an ghoir i dtundra an Artaigh de chuid iarthar agus oirthear na Rúise. Téann pobal an oirthir ar imirce go dtí an tSín i rith an gheimhridh, fad is a théann pobal an iarthair do dtí an Iaráin agus roimhe sin, i Bharatpur, san India.

I measc na gcrús, déanann siad na himircigh is faide. Tháinig laghdú suntasach ar a bpobal, go háirithe iad siúd sa raon thiar, sa 20ú haois mar gheall ar fhiach a dhéanamh ar a mbealaí imirce agus díghrádú a gnáthóg. Measadh go raibh a ndaonra san domhain in 2010 ag thart ar 3,200 éan, a bhain den chuid is mó le daonra an oirthir agus thart ar 95% díobh ag fanacht sa gheimhreadh san Loch Poyang sa tSín, gnáthóg a d’fhéadfadh Damba na dTrí Mhám a athrú. In iarthar na Sibéire níl ach timpeall deich gcinn de na grúis seo san fhiántas.

Tacsanomaíocht agus córasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Péintéireacht Mhógalach de ghrús Sibéarach le hUstad Mansur (c. 1625).

Rinne Peter Simon Pallas cur síos foirmiúil ar grúis na Sibéire sa bhliain 1773 agus tugadh an ainmníocht dhéthéarmacht Grus leucogeranus air.[1][2] Díorthaítear an t-ainm sonrach ó na focail chlasaiceacha Gréagacha leukos ('bán' sa Ghaeilge) agus geranos ('grús sa Ghaeilge).[3] Léirigh Ustad Mansur, ealaíontóir cúirte ón 17ú haois agus amhránaí ó Jahangir, an grús Sibéarach thart ar 100 bliain roimhe sin.[4]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Check-list of Birds of the World" (1934) Volume 2. Harvard University Press. 
  2. Pallas, Peter Simon (1773). "Reise durch verschiedene Provinzen des Russischen Reichs" (as German) Volume 2. Academie der Wissenschaften. 
  3. Jobling, James A. (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London: Christopher Helm. 
  4. Divyabhanusinh (1987). "Record of two unique observations of the Indian cheetah in Tuzuk-i-Jahangiri". Journal of the Bombay Natural History Society 84 (2): 269–274.