Gordon Elliott

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGordon Elliott
Beathaisnéis
Breith2 Márta 1978
46 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmtraenálaí capall, jacaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtspórt eachaíochta Cuir in eagar ar Wikidata

Is traenálaí capall Éireannach é Gordon Elliott a rugadh sa bhliain 1978.[1] Tá sé lonnaithe i ngraí i dTeach Coillean Traí, i Maigh Dearmhaí, Contae na Mí, áit a cheannaigh sé sa bhliain 2011.

A shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCnoc an Línsigh, Contae na Mí é agus tar éis fhágaint na scoile dó, chaith sé tamall maith ag marcaíocht go proifisiúnta le rath nach beag, sular luí sé isteach le traenáil capall lánaimseartha. Bhí bua ollmhór aige san 'Grand National' in Aintree le Silver Birch sa bhliain 2007. B'é an buaiteoir ab óige riamh é ag aois fiche naoi mbliana dó. Ba leis Brian Walsh an capall agus b'é Robbie Power an marcaigh. Tá saol ghairmiúl Elliot imithe ó neart go neart ó shin. Bhain sé an 'Aintree Grand National' don tarna uair ar an 14 Aibreán 2018 leis an gcapall Tiger Roll le Davy Russell sa diallait agus ba é Michael O'Leary an úinéir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]