Goliad, Texas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Goliad, Texas inniu

Is é Goliad príomhbhaile Contae Goliad, Texas. Bhí 1,975 ina gcónaí i nGoliad sa bhliain 2000. Tá Goliad suite i lár an chontae, in oirdheisceart Texas. Baile beag stairiúil atá ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1747, chuir rialtas na Spáinne José de Escandón chun a dteorainn thuaidh a thaiscéalú. Mhol Escandón Presidio la Bahía, dúnfort na Spáinneach sna bólaí sin, a aistriú on Abhainn Guadalupe go suíomh nua ar Abhainn San Antonio chun freastail níb'fhearr ar na lonnaíochtaí i gleann an Rio Grande a dhéanamh . Cuireadh an presidio agus misean Caitliceach, Misión Nuestra Señora del Espíritu Santo de Zúñiga, ar bun san áit nua timpeall mí Dheireadh Fómhair na bliana 1749.[1]

I ndiaidh Cogadh na Seacht mBliana sa bhliain 1763, thug an Fhrainc Louisiana don Spáinn agus ní raibh an oiread sin gá a thuilleadh le daingnithe míleata. Moladh gan aon daingin a choimeád i gcóngar don chósta seachas La Bahía ach é seo a atógadh le cloch. Lena suíomh straitéiseach ar chrosbhóthair oirthear Texas bhí sé ar na trí háit Spáinneacha ba thábhachtaí in Texas, in éineacht le Béxar agus Nacogdoches. D'fhás baile beag timpeall an dúnfoirt agus an mhisin. Faoi 1804, bhí ceann den dá scoil in Texas ar siúl in La Bahía.[2]

Le linn Chogadh Neamhspleáchas Mheicsiceo, bhí na reibiliúnaigh Mheicsiceacha ábalta seilbh a ghlacadh ar an daingean in La Bahía ar feadh tamaill ag tosnú sa bhliain 1812.

An séipéal in Presidio La Bahía in Goliad

Sa bhliain 1829, athraíodh ainm an tstráidbhaile Mheicsiceach ó La Bahía go Goliad, anagram (a cheaptar) de Hidalgo (gan an "H" nár fuaimníodh in aon chor), in onóir an tsagairt Miguel Hidalgo, "athair" Chogadh Neamhspleáchas Mheicsiceo.[3]

Ar 9 Deireadh Fómhair 1835, go luath i Réabhlóid Texas, d'ionsaigh grúpa d'fhir a bhí ag troid ar son neamhspleáchas Texas, an presidio in Cath Goliad. Ghéill an garastún Meicsiceach. Síníodh céad forógra neamhspleáchais Texas ar an 20 Nollaig 1835. D'fhan lucht Texas i seilbh an daingean agus an baile gur bhriseadh orthu i gCath Coleto, a fearadh sa chomharsanacht. D'ordaigh Uachtarán Mheicsiceo, Antonio Lopez de Santa Anna, go gcuirfí gach duine de na cosantóirí chun báis. Ar 27 Márta 1836 tugadh amach 303 fear amach as an dúnfort agus maraíodh gach duine díobh nár éirigh leis éalú. Cuireadh 39 fear chun bás sa dúnfort féin. Ligeadh le 20 príosúnach a raibh oiliúint leighis acu agus d'éalaigh 28 fear eile. 342 duine a fuair bás i Sléacht Goliad san iomlán.[4]

Rugadh ginearál cáiliúil Mheicsiceach in Goliad sa bhliain 1829, mar atá an Ginearál Ignacio Zaragoza. Eisean a bhí i gceannas ar na Meicsiceánaigh roimh ionsaí Arm na Fraince i gCath Puebla ar 5 Bealtaine 1862. Ceiliúrtar an cath sin go dtí an lá inniu mar Cinco de Mayo.[5]

Fuair 114 duine bás sa bhliain 1904 nuair a bhuail tornádó an baile.

Deimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Daonáireamh na bliana 2000, bhí cónaí ar 1,975 duine i nGoliad, 518 teaghlach ar fad. Bhí 1,294.3 duine sa mhíle chearnach (498.4/km²). Den chine geal iad 75.44% den daonra, Afrai-Mheirceacánaigh 6.08%, Bundúchasaigh Mheiriceánacha 0.35%, Áisigh 0.61%, ciní "eile" 14.99%, agus ba de dhá chine nó níos mó 2.53%. De chúlra Spáinnise iad 49.72% den daonra.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

De chois shuíomhanna na n-eachtraí stairiúla a thit amach i nGoliad, tá Schroeder Hall ar an mbaile. Téann lucht ceol tíre ar an stáitse ann go rialta le blianta anuas.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Roell, Craig H. (1994), Remember Goliad! A History of La Bahia, Fred Rider Cotten Popular History Series (9), Austin, TX: Texas State Historical Association, ISBN 0-87611-141-X), lgh 13–14
  2. Roell, lch. 19
  3. Jeri Robison Turner, "GOLIAD, TX," Handbook of Texas Online (http://www.tshaonline.org/handbook/online/articles/hjg05), (Texas State Historical Association), dáta rochtana: 16 Aibreán 2011.
  4. Hardin (1994), p. 174
  5. "ZARAGOZA, IGNACIO SEGUIN," Handbook of Texas Online (http://www.tshaonline.org/handbook/online/articles/fza04) (Texas State Historical Association), accessed 15 April 2011.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]