Coirm choiligh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Goirm choiligh)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCoirm choiligh
Onobrychis Cuir in eagar ar Wikidata

Onobrychis arenaria Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
FofhineFaboideae
GéineasOnobrychis Cuir in eagar ar Wikidata
Mill., 1754

Planda pischineálach ilbhliantúil a fhásann suas le 80 cm ar airde. Is féidir go bhfuil sí dúchasach do lár na hEorpa. Na duilleoga cleiteach le 6-14 péire duilleoigíní ubhchruthacha/dronuilleacha. Na pisbhláthanna bándearg geal le feitheacha corcra, suas le 50 díobh ar gach bláthra cosúil le spíce ar a ghas fada ag éirí as ascaillí na nduilleog. Síol amháin i ngach cochall atá clúdaithe le patrún cosúil le líonra d'iomairí is tiúibríní. Saothraítear go forleathan í mar fhoráiste d'ainmhithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Coirm choiligh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.