Coirm choiligh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda pischineálach ilbhliantúil a fhásann suas le 80 cm ar airde. Is féidir go bhfuil sí dúchasach do lár na hEorpa. Na duilleoga cleiteach le 6-14 péire duilleoigíní ubhchruthacha/dronuilleacha. Na pisbhláthanna bándearg geal le feitheacha corcra, suas le 50 díobh ar gach bláthra cosúil le spíce ar a ghas fada ag éirí as ascaillí na nduilleog. Síol amháin i ngach cochall atá clúdaithe le patrún cosúil le líonra d'iomairí is tiúibríní. Saothraítear go forleathan í mar fhoráiste d'ainmhithe.