Gníomhas aonpháirtí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is gníomhas aonpháirtí ann ná dearbhú a chuireann an duine chuig na húdaráis faoina ainm féin le cur in iúl go bhfuil sé de rún aige rud éigin a dhéanamh, go háirithe ainm a athrú. An duine a athróidh a ainm trí ghníomhas aonpháirtí, caithfidh sé, go bunúsach, ráiteas faoi mhionn nó mionnscríbhinn a bhreacadh síos ina bhfuil sé ag tabhairt le fios go bhfuil sé meáite ar a sheanainm a thabhairt suas agus an t-ainm seo eile a tharraingt air féin.

Is é an gníomhas aonpháirtí an t-aon bhealach amháin le d'ainm a athrú go dlíthiúil in Éirinn. Ina dhiaidh sin féin, is gá cuimhne a choinneáil air go bhfuil córas dlí na hÉireann bunaithe ar dhlí coiteann Shasana, agus cuireann an dlí coiteann béim mhór ar an ngnáthamh, seachas ar leabhar na reacht. Mar sin, is iad an úsáid agus an t-iomrá is bun leis an "gceartainm", agus más mian leat ainm ar leith a tharraingt ort, caithfidh tú féachaint chuige, thar aon rud eile, gurb é sin an t-ainm a thugann do chuid cairde ort agus a n-aithnítear thú air.

Le haitheantas a fháil do do ghníomhas aonpháirtí, caithfidh tú dul i dtuilleamaí Choimisinéir na Mionn.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]