Coimisinéir Mionn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmCoimisinéir Mionn
Cineál fostaíochta
nótaire

Is duine é Coimisinéir na Mionn a bhfuil cead agus aitheantas na n-údarás aige mionnscríbhinní agus ráitis faoi mhionn a dheimhniú. De ghnáth, is dlíodóir é an Coimisinéir seo, agus is é an Príomh-Bhreitheamh a cheapann é. Mar sin féin, is féidir le haon duine a bhfuil dintiúir dhlí agus teastas dlíodóra aige cúis an Choimisinéara a dhéanamh.

Má chaitheann tú fianaise a chur os comhair na cúirte i bhfoirm mionnscríbhinne, ní mór duit dul i muinín an Choimisinéara seo. Ansin, féachfaidh an Coimisinéir chuige go dtabharfaidh tú an fhianaise chuí - seiceálfaidh sé an t-ábhar i ndréachtleagan na mionnscríbhinne -, agus go dtuigeann tú an rud atá tú a rá sa mhionnscríbhinn. Sa deireadh, tabharfaidh tú na mionna ina fhianaise agus síneoidh tú an ráiteas. An duine a ghlacfaidh dualgaisí na mionn air féin, is gnách dó an leabhar a thabhairt, is é sin, an lámh a chur ar an Tiomna Nua nó, más Giúdach é, ar an Sean-Tiomna le linn na mionn.

Is é an dóigh cheart leis na mionna a chur i bhfocail ná:

Dearbhaím faoi Dhia Uilechumhachtach gurb é seo m'ainm agus mo chuid scríbhneoireachta agus go bhfuil na sonraí i mo mhionnscríbhinn fíor.

Más fearr leis gan tagairt a dhéanamh do Dhia, déarfaidh sé:

Dearbhaím go sollúnta agus go dílis gurb é seo m'ainm agus...

Gearrfaidh an Coimisinéir táille ort as a chuid seirbhísí de réir rialacha na gcúirteanna.