Globaigeiríne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Púscán globaigeiríneach

Orgánach micreascópach, cosúil le haiméibe, a fhaightear go coitianta i bplanctón muirí is ea an globaigeiríne. Tálann sí blaosc fhíneálta sheachtrach a bhíonn ornáideach le spíonta go minic. Nuair a fhaigheann sí bás, titeann an bhlaosc don ghrinneall chun dríodar cailcreach (an púscán globaigeiríneach) a dhéanamh, ábhar a chlúdaíonn fairsingí móra de ghrinneall na farraige.