Glasáin Darwin
Grúpa éan gaolmhar, dúchasach d'oileáin Ghalápagos ar an meánchiorcal san Aigéan Ciúin. Tugtar glasáin Galapágos orthu freisin. Meastar gur de shliocht speicis amháin 14 speiceas díobh atá ar eolas anois, a bhfuil cothú difriúil (le cumaí difriúla goib), gnáthóga difriúla is dáiltí difriúla acu. Thug a ndifríochtaí cabhair do Charles Darwin i saothrú a theoirice faoin roghnú nádúrtha.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |