Glútan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An phríomhphróitéin i gcruithneacht, a fho-roinntear in dhá phróitéin, gliaidin is glútainin. Nuair a mheasctar na próitéiní seo le huisce is a fhuintear an meascán, ailíníonn na próitéiní seo comhthreomhar le chéile, rud a thugann an t-airí leaisteach don taos. Ligeann bolgáin dé-ocsaíd charbóin, a tháirgeann coipeadh giosta, don taos éirí de bhrí go sáinníonn an glútan na bolgáin gáis. Ní bhíonn aon ghlútan in arbhar Indiach, eorna ná coirce, agus ní féidir iad a úsáid chun arán a dhéanamh. Úsáidtear iad seo chun táirgí leata gránacha a dhéanamh, brioscaí is toirtílí mar shampla. I ndaoine áirithe, bíonn an stéig bheag mínormálta íogair do ghliaidin, agus is galar céiliach an riocht seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Glútan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.