Glór Uachtar Tíre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGlór Uachtar Tíre
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1993
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáingloruachtartire.com Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Glór Uachtar Tíre sa bhliain 1993 mar ghrúpa deonach leis an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga pobail i mórcheantar Chaisleán Uidhilín i ndeisceart an Dúin. Tá maoiniú ar fáil do Ghlór Uachtar Tíre trí 'Scéim Phobal Gaeilge' de chuid Fhoras na Gaeilge agus tá Oifigeach Forbartha fostaithe go lánaimseartha dá bharr. Is í Emer Ní Aodhagáin an tOifigeach Forbartha Gaeilge ag Glór Uachtar Tíre.

B'é 'Uachtar Tíre' an t-ainm ar tugadh do cheantar idir Sliabh Crúibe agus Machaire Rátha a fhad leis an 15ú aois. Inniu, tá pobal Ghaeilge bríomhar faoi bhláth i gceantar Uachtar Tíre agus is ann tá scoth na gaelscolaíochta. De thairbhe Caisleán Uidhilín a bheith lárnach sa limistéar, is ann tá meánscolaíocht Ghaeilge dheisceart an Dúin agus sluaite de Ghaeil óga ag tairgint ar an bhaile go laethúil.

Is í aidhm Ghlór Uachtar Tíre ná freastal ar riachtanas phobal na Gaeilge anseo agus tuilleadh fás agus forbairt a chothú.

Tá oifigí ag Glór Uachtar Tíre ag; Dún Éigse, 1 Br. Bhaile Átha Cliath, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin BT31 9AG

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glór Uachtar Tíre