Glóir na maidine
Cuma
Planda bliantúil is ea glóir na maidine a fhásann 3 m ar airde, agus atá dúchasach do Mheiriceá trópaiceach. Tá breis is 1,000 speiceas di ann i roinnt géineas den fhine Convolvulaceae. Dreapann sí le gais fhéithleannacha. Na duilleoga ubhchruthach nó croíchruthach. Na bláthanna suas le 12.5 cm ar leithead, tonnadóirchruthach, gorm le scornach bhuí, uaireanta corcra nó dearg. Gaolmhar leis an bpráta Spáinneach agus an t-ialus. An-choitianta mar mhaisiúchán.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Glóir na maidine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |