Giorrúchán (teanga)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sampla de théacs lámhscríbhinne ón 15ú haois sa Laidin le noda

Is éard is giorrúchán ann ná ainm a chumtar as túslitreacha ainm nó frása ilfhoclaigh eile, ar aon mhodh. (e.g. BCE, AE).[1]. Mar sin, leagan gairid d'fhocal is ea giorrúchán. Go minic is iad céadlitreacha na bpríomhfhocal san ainm a úsáidtear (mar shampla, GRMA do Go Raibh Maith Agat).

Tugtar faoi deara an difríocht idir focal giorraithe agus coimriúchán. Cailltear deireadh an fhocail (Uimh., Uas.) san fhocal giorraithe, agus cailltear litreacha laistigh den fhocal (Dr) sa choimriúchán. Ní chuirtear an ponc i ndiaidh an choimriúcháin, ach amháin i gcás “lch.” agus “lgh.”. Cuirtear an ponc i gcónaí i ndiaidh an fhocail ghiorraithe.

De réir mhír 3.2.3(c) den Chaighdeán Oifigiúil 2016 chun giorrúchán nó acrainm a dhéanamh iolra cuirtear “anna” leis má chríochnaíonn sé ar chonsan agus “nna” leis má chríochnaíonn sé ar ghuta, e.g. DVDanna; POnna.

Cé go gceadaítear sa Chaighdeán Oifigiúil, 2017 dhá chóras éagsúla maidir le scríobh giorrúchán, córas an ailt agus córas gan an t-alt, moltar an córas gan an t-alt a úsáid sa reachtaíocht. Mar shampla, úsáidtear “in AE” (san Aontas Eorpach); “Ballstáit AE” (Ballstáit an Aontais Eorpaigh); “ag NA” (ag na Náisiúin Aontaithe).Cé go gceadaítear sa Chaighdeán Oifigiúil, 2017 dhá chóras éagsúla maidir le scríobh giorrúchán, córas an ailt agus córas gan an t-alt, moltar an córas gan an t-alt a úsáid sa reachtaíocht. Mar shampla, úsáidtear “in AE” (san Aontas Eorpach); “Ballstáit AE” (Ballstáit an Aontais Eorpaigh); “ag NA” (ag na Náisiúin Aontaithe).

Aonaid tomhais agus siombailí eolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní gá ponc a chur i ndiaidh “ha” (heicteár), “km”, “mg”, etc. Cuirtear spás idir iad agus an figiúr; níl uimhir iolra acu: 4 ha, 9 m, 20 psi, 55 dB(A), 2000 kc/s.

Samplaí coitianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

An leagan i mBéarla: An leagan i nGaeilge

  • p: lch.
  • pp: lgh.
  • No: Uimh.
  • Nos: Uimh. (1)
  • Ltd (Limited): Teo.
  • MEP: FPE
  • MP: FP
  • EST (Eastern Standard Time): ACO (An Caighdeánach Oirthearach)

[2]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn giorrúcháin ina n-ábhar conspóide go minic agus tráchtairí áirithe ann a mhaíonn go mbaineann siad den teanga agus go n-íslítear caighdeán scríofa agus léite na n-óg go háirithe.[3]

Uaireanta tá sé deacair a dhéanamh amach go díreach cén uair go díreach atá giorrúchán i gceist agus cén uair atá focal i gceist i gcás roinnt mhaith samplaí – ‘CAT’ (conas atá tú?) agus ‘cat’ (an t-ainmhí), nó ‘IAD’ (in ainm Dé) agus ‘iad’ (an tríú pearsa).[3]

Táthar ann freisin, áfach, a mhaíonn gur ghnáthchuid den scríbhneoireacht agus den léamh a bhí sna giorrúcháin riamh agus nach bhfuil sna giorrúcháin a fheictear ar líne go minic ach leagan na haoise seo de na nótaí imill a bhíodh á mbreacadh ag na manaigh fadó.[3]


Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá liosta den 20 giorrúchán is coitianta i measc cainteoirí Gaeilge ar Twitter anseo.[3] Is é ‘GRMA’ an giorrúchán Gaeilge is mó úsáid i measc cainteoirí Gaeilge ar Twitter, de réir eolas a rinne an tOllamh Kevin Scannell.

Rialacha[4][cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní dhéantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ghiorrúchán nó ar acrainm riamh (mar shampla, ' faoi SAM', ' le OÉ Gaillimh').

Is é in (seachas i) an fhoirm den réamhfhocal i a úsáidtear roimh ghiorrúchán nó acrainm (mar shampla, 'in RTÉ').

Ní chiorraítear na réamhfhocail de agus do go d’ roimh ghiorrúchán nó acrainm a thosaíonn ar ghuta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Giorrúcháin, coimriúcháin, acrainmneacha agus siombailí. https://publications.europa.eu/code/ga/ga-4100500.htm
  2. Giorrúcháin, coimriúcháin, acrainmneacha agus siombailí. https://publications.europa.eu/code/ga/ga-4100500.htm
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Maitiú Ó Coimín. "‘GRMA, a MTS!’ na giorrúcháin Ghaeilge is coitianta ar Twitter" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-11-16.
  4. oireachtas.ie (2016). "AN CAIGHDEÁN OIFIGIÚIL". Dáta rochtana: 2021.