Gioca
Cuma
Yucca | |
---|---|
Yucca baccata | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | istle (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl agus caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asparagales |
Fine | Asparagaceae |
Fofhine | Agavoideae |
Géineas | Yucca L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Yucca aloifolia |
Is Planda síorghlas ilbhliantúil é an gioca. Duilleoga dochta gan ghais a fhásann i Meiriceá Thuaidh is Láir agus sna hIndiacha Thiar. Tá 40–50 speiceas de ann, iad go léir san fhofhine ar a dtugtar Agavoideae in fhine na nAsparagaceae. Rud beag cosúil le crann pailme. Stoc gairid ramhar, duilleoga claíomhchruthacha, bláthanna clogchruthacha cumhra bána nó corcra. Siombóis leis an ngioca-leamhan a phailníonn é, a bheireann a huibheacha ar an stiogma, agus a bhfaigheann a larbhaí a shíolta mar bhia. Is giocaí iad crann Iósua, an bheaignit Spáinneach, agus an mhiodóg Spáinneach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gioca". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 317.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |