Georgia Drummy
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 18 Aibreán 2000 24 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | imreoir leadóige | ||||||||||||||||
Spórt | leadóg | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||
2016 | 2016 Fed Cup (en) | ||||||||||||||||
Is imreoir leadóige sóisearach Éireannach í Georgia Drummy. Rugadh í ar an 18 Aibreán 2000 i mBaile Átha Cliath.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]2018
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imríonn Drummy ar chomórtais na hóige. Sa chraobh 2016 Australian Open, bhuaigh sí áit i gcomórtas na gcailíní mar cháilitheoir. Chaill sí a céad chluiche, i gcoinne Ayano Shimizu.
I 2018 d'imir Drummy ag 2018 French Open. Chaill sí a céad chluiche i gcoinne María Camila Osorio Serrano, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a trí. Bhí sí ag imirt i gcomórtas na mbeirteanna le Simona Waltert, ón Eilvéis. Bhuaigh siad a gcéad chluiche i gcoinne Leylah Annie Fernandez agus Joanne Zuger. Chaill siad a ndara chluiche ML Carlé agus C Gauff, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a sé.
D'imir Dummy ag 2018 Wimbledon Championships. Chaill sí a céad chluiche i gcoinne Wang Xiyu, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a deich. D'imir sí i gcomórtas na mbeirteanna le Alexa Noel, ón Stáit Aontaithe. Bhí siad réimnithe in ord feabhais ag uimhir a seacht. Bhuaigh siad a gcéad cluiche i gcoinne Leylah Viktoryia Kanapatskaya agus Lenka Stará. Bhuaigh siad a ndara chluiche Amelia Bissett agus Morgan Cross. Chaill siad a gcluiche sa cheathrú-ceannais i gcoinne Caty McNally agus Whitney Osuigwe.
D'imir Dummy ag 2018 US Open. Bhuaigh sí a céad chluiche i gcoinne Anastasia Tikhonova. Chaill sí a dara chluiche i gcoinne Naho Sato, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a naoi. D'imir sí i gcomórtas na mbeirteanna le Viktoriia Dema, ón Úcráin. Chaill siad a gcéad cluiche i gcoinne Taisya Pachkaleva agus Anastasia Tikhonova.
Bhain Drummy áit amach ag na Cluichí Oilimpeacha do Dhaoine óga an tSamhraidh 2018 atá ar siúl in Buenos Aires, An Airgintín. Bhuaigh sí a céad chluiche i gcoinne Valentina Ivanov, ach chaill sí a dara chluiche i gcoinne Daniela Vismane. D'imir sí i gcomórtas na mbeirteanna le Ana Makatsaria, ón tSeoirsia. Chaill siad a gcéad cluiche i gcoinne Yuki Naito agus Naho Sato, a bhain áit amach sa cheannais.