Georgia Drummy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is imreoir leadóige sóisearach Éireannach í Georgia Drummy. Rugadh í ar an 18 Aibreán 2000 i mBaile Átha Cliath.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

2018[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imríonn Drummy ar chomórtais na hóige. Sa chraobh 2016 Australian Open, bhuaigh sí áit i gcomórtas na gcailíní mar cháilitheoir. Chaill sí a céad chluiche, i gcoinne Ayano Shimizu.

I 2018 d'imir Drummy ag 2018 French Open. Chaill sí a céad chluiche i gcoinne María Camila Osorio Serrano, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a trí. Bhi sí ag imirt i gcomótas na mbeirteanna le Simona Waltert, ón Eilvéis. Bhuaigh siad a gcéad chluiche i gcoinne Leylah Annie Fernandez agus Joanne Zuger. Chaill siad a ndara chluiche ML Carlé agus C Gauff, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a sé.

D'imir Dummy ag 2018 Wimbledon Championships. Chaill sí a céad chluiche i gcoinne Wang Xiyu, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a deich. D'imir sí i gcomótas na mbeirteanna le Alexa Noel, ón Stáit Aontaithe. Bhí siad réimnithe in ord feabhais ag uimhir a seacht. Bhuaigh siad a gcéad cluiche i gcoinne Leylah Viktoryia Kanapatskaya agus Lenka Stará. Bhuaigh siad a ndara chluiche Amelia Bissett agus Morgan Cross. Chaill siad a gcluiche sa cheathrú-ceannais i gcoinne Caty McNally agus Whitney Osuigwe.

D'imir Dummy ag 2018 US Open. Bhuaigh sí a céad chluiche i gcoinne Anastasia Tikhonova. Chaill sí a dara chluiche i gcoinne Naho Sato, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a naoi. D'imir sí i gcomótas na mbeirteanna le Viktoriia Dema, ón Úcráin. Chaill siad a gcéad cluiche i gcoinne Taisya Pachkaleva agus Anastasia Tikhonova.

Bhain Drummy áit amach ag na Cluichí Oilimpeacha do Dhaoine óga an tSamhraidh 2018 atá ar súil i mBuenos Aires, An Airgintín. Bhuaigh sí a céad chluiche i gcoinne Valentina Ivanov, ach chaill sí a dara chluiche i gcoinne Daniela Vismane. D'imir sí i gcomótas na mbeirteanna le Ana Makatsaria, ón tSeoirsia. Chaill siad a gcéad cluiche i gcoinne Yuki Naito agus Naho Sato, a bhain áit amach sa cheannais.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]