Georges J. F. Köhler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Georges J. F. Köhler
Einweihung des Max-Planck-Institutes für Immunbiologie (1990) (cropped).jpg
Saol
Eolas breitheMünchen, 17 Aibreán 1946
NáisiúntachtAn Ghearmáin
BásFreiburg im Breisgau, 1ú Márta 1995
Cúis bháisbás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Oideachas
Alma materOllscoil Freiburg
Stiúrthóir tráchtaisFritz Melchers (en) Aistrigh
César Milstein
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm
Gairmbitheolaí, imdhíoneolaí, ceimiceoir agus múinteoir ollscoile
Áit oibreFreiburg im Breisgau
FostóiríOllscoil Freiburg
Institiúid Max Planck um Imdhíon-bhitheolaíocht agus Eipigéineolaíocht
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina
An Eagraíocht Eorpach um Bitheolaíocht Mhóilíneach

Imdhíoneolaí a rugadh i München na Gearmáine ab ea Georges Jean Franz Köhler (22 Aibreán 19461 Márta 1995). Lena chomhghleacaí César Milstein, rinne sé amach conas hibrideóma a tháirgeadh.

Is cill a ghineann antashubstaintí, nasctha le cill ailse, an chill hibrideach fhadsaolach seo, agus is féidir hibrideóma a chruthú a ghineann antashubstaint ar leith amháin a chealaíonn antaigin (ábhar coimhthíoch) ar leith.

Léirigh sé struchtúir antashubstaintí, agus rinne amach struchtúir is feidhmeanna na nglóbailíní imdhíonachta. Úsáidtear a theicnící chun ábhair a aithint, i dtástáil toirchis, diagnóisiú agus cóireáil ailse is galar eile.

Antasubstaintí mhonaclónach

Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1984 le César Milstein is Niels Jerne as an saothar seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]