George Wallace (polaiteoir)
Gobharnóir ar Alabama ba ea George Wallace (25 Lúnasa 1919 – 13 Meán Fómhair 1998). Duine dúchasach, bhí sé i bhfad amach ar an eite dheis. Sheas Wallace i dtoghchán an Uachtaráin ceithre huaire (1964, 1968, 1972 agus 1976).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Wallace céim sa dlí ón Scoil Dlí, Ollscoil Alabama (LLB '42).[1]
Bhí sé ina ard aighne stáit cúnta, ina ionadaí stáit agus ina bhreitheamh cuarda (1953-58).
Bhí Wallace ina Ghobharnóir ar Alabama sna blianta 1963–1967, 1971–1979 agus 1983–1987.
Ciníochas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé amuigh ar Wallace roimh 1958 go raibh sé réasúnta measartha ó thaobh an chiníochais de. Ach bogadh i dtreo na heite dheis ar fad nuair a chaill sé toghchán. Is mó an fhianaise atá ann gur lig sé air féin gur dheighilteoir diongbháilte é mar sheift pholaitiúil.[1][2]
Ar an 11 Meitheamh 1963, rinne Wallace iarracht ar sheasamh sa chosán ar bheirt mhac léinn Afrai-Mheiriceánacha a bhí ag críochnú a chláraithe mar mhic léinn de chuid Ollscoil Alabama, i gcomhlíonadh an ghealltanais a thug sé i mí Eanáir roimhe sin go seasfadh sé le "leithscaradh anois, leithscaradh amárach, leithscaradh go deo".[3]
I ndeireadh na dála, ghéill Wallace nuair a tugadh soiléiriú dó go gcuirfeadh an Garda Náisiúnta cearta bunreachtúla na mac léinn i bhfeidhm, mar a léirigh ordú forghníomhaithe de chuid An Uachtarán Uí Chinnéide a síníodh an lá céanna.[1]
Ní ba dhéanaí an lá céanna sa bhliain 1963, thug an tUachtarán Ó Cinnéide óráid chraolta, "An Tuarascáil don Phobal Meiriceánach maidir le Cearta Sibhialta", nuair a mhol sé an reachtaíocht ar tháinig Acht 1964 um Chearta Sibhialta.[4]
Ansin ar 2 Meán Fómhair 1963, chuir Wallace bac ar dhídheighilt chiníoch ag Scoil Dara Leibhéal Tuskegee in Alabama.[5][6] Chaill Wallace agus na cinígh an cath sin chomh maith.
Rialtas feidearálach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheas Wallace i dtoghchán an Uachtaráin ceithre huaire agus ba é toradh 1968 an ceann ba rathúla a bhí aige: 46 vótaí toghcháin mar iarrthóir 'Pháirtí Neamhspleách Mheiriceá', an t-iarrthóir tríú páirtí deireanach a fuair aon cheann.[1]
Rinneadh iarracht Wallace a dhúnmharú; gortaíodh do dona é Tháinig pairilis air ón mbásta síos
Bhí tionchar mór ag feachtas Wallace sa bhliain 1968 ar athailíniú an chórais dhépháirtigh Mheiriceánaigh as sin ar aghaidh agus ar shlite éagsúla réamhtheachtaí ag an bhfeachtas uachtaránachta rathúil a rinne Donald J Trump sa bhliain 2016 a bhí ann.
Anonn in aois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Blianta níos moille, d'éirigh Wallace ina Chríostaí athbheirthe Sa bhliain 1979, tar éis dó teacht ar an gcreideamh, ghabh Wallace a leithscéal as 'An Seasamh i nDoras na Scoile' agus gníomhartha eile den chineál sin agus d'iarr sé maithiúnas ar Afrai-Mheiriceánaigh.[1]
Wallace sna meáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig méadú ar an chlú a bhí ar Angelina Jolie nuair a fuair sí gradam Golden Globe mar gheall ar an pháirt a bhí aici sa scannán George Wallace (1997), scannán a bhain leis an drochbhail a bhí ar na daoine gorma i nDeisceart na Stát Aontaithe.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "George Wallace". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Read George Wallace's full 1963 inauguration speech" (en). al (2013-01-14). Dáta rochtana: 2021-09-02.
- ↑ "Stand in the Schoolhouse Door" (as en) (2021-07-12). Wikipedia.
- ↑ "Report to the American People on Civil Rights" (as en) (2021-07-31). Wikipedia.
- ↑ "Tuskegee High School Integration Prevented - 1963 | Today in History | 2 Sept 16" (as en) .
- ↑ "The Integration of Tuskegee High School: Lee v. Macon County Board of Education - Center for the Arts and Humanities - College of Liberal Arts - Auburn University". cla.auburn.edu. Dáta rochtana: 2021-09-02.