George Nicolas Papanicolaou
George Nicolas Papanicolaou | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Kymi (en) ![]() | ||
Náisiúntacht | An Ghréig | ||
Áit chónaithe | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Teanga dhúchais | An Ghréigis | ||
Bás | Miami, 19 Feabhra 1962 | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí | Andromachi Papanikolaou (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Alma mater | National and Kapodistrian University of Athens (en) ![]() Ollscoil Ludwig Maximilian, München | ||
Teangacha | An Ghréigis | ||
Gairm | |||
Gairm | dochtúir leighis, oinceolaí, paiteolaí agus gínéiceolaí | ||
Fostóirí | Ollscoil Cornell Ollscoil Miami Weill Cornell Medical Center (en) ![]() | ||
Saothar iomráiteach | tástáil smearaidh | ||
Duaiseanna | |||
Ainmníodh é/í le haghaidh | |||
Ballraíocht | Panhellenic Musician Union (en) ![]() |
Lia agus paiteolaí ba ea George Nicolas Papanicolaou (Gréigis: Γεώργιος Παπανικολάου). Rugadh ar 13 Bealtaine 1883 in Euboa sa Ghréig é, agus fuair sé bás ar 19 Feabhra 1962. Ghnóthaigh sé dintiúirí dochtúireachta sa Ghearmáin, in Ollscoil München, sa bhliain 1910, ach is sna Stáit Aontaithe a rinne sé an chuid ab fhiúntaí dá shaothar. Bhí post aige in Ospidéal Nua-Eabhrac agus in Ollscoil Cornell, i gColáiste Míocháine Weill.
Ba í an fhionnachtain ba thábhachtaí a rinne sé tástáil Papanicolaou, "smearadh Pap" a chuireann ar chumas dochtúirí Ailse Muineál na Broinne ceann de na cineálacha ailse is coitianta sna mná a aithint gan mhoill. Gnáth-thástáil anois í agus í saor agus sábháilte. Is féidir an ailse a aimsiú ar an bpointe agus othar a leigheas le hobráid shimplí dá bharr.
Thug Papanicolaou an chéad chuntas ar an modh tástála seo in alt dar teideal “Diagnosis of uteral cancer by vaginal smear” a foilsíodh sa bhliain 1943. Tháinig eileamh ar an tástáil ar fud an domhain, agus sábhálann sí na mílte gach bliain. Anois tá tionscadail mhóra leighis ag baint léi.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |