Georg Voigt
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 5 Aibreán 1827 Königsberg, An Phrúis |
| Bás | 18 Lúnasa 1891 64 bliana d'aois Leipzig |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Königsberg |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Stair agus An Renaissance |
| Suíomh oibre | München Leipzig |
| Gairm | historian of Modern Age (en) |
| Fostóir | Ollscoil Ludwig Maximilian, München Ollscoil Leipzig Ollscoil Rostock |
| Ball de | |
| Spéis aige/aici i | Stair |
| Mac/iníon léinn de chuid | Wilhelm Drumann |
| Teangacha | An Ghearmáinis |
| Teaghlach | |
| Páiste | Meta Voigt |
| Athair | Johannes Voigt |
Ba staraí Gearmánach é Georg Voigt a rugadh sa bhliain 1827 i Königsberg sa Phrúis Thoir. Fuair sé bás i Leipzig sa bhliain 1891. Ba mhac an staraí Johannes Voight é Georg. Bhain Georg, chomh maith le Jacob Burckhardt, le bunaitheoirí an taighde nua-aimseartha, i dtaobh an Renaissance san Iodáil. Sa bhliain 1860, ceapadh é mar ollamh staire in Ollscoil Rostock, ar mholadh ó Heinrich von Sybel. Sa bhliain 1866, ceapadh é ina ollamh staire in Ollscoil Leipzig, i ndiaidh an staraí Wilhelm Wachsmuth. Bhain a chuid taighde le téamaí an daonnachais sa 15ú haois agus sa 16ú agus ar stair an chogaidh Schmalkalden. Murab ionann agus Burckhardt, bhain taighde Voigt le chéad céad na gluaiseachta a tháinig ón Renaissance a thosaigh i bhFlórans agus a scaip fud fad na hEorpa. Chuir Buckhardt síos ar gach gné den tsochaí Iodálach le linn an Renaissance.