Gealdoirb mhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGealdoirb mhór
Hydrous piceus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdColeoptera
FineHydrophilidae
GéineasHydrophilus
SpeiceasHydrous piceus Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is feithid í an ghealdoirb mhórHydrophilus piceus. Ball d'fhine na Hydrophilidae atá ann, is é sin fine na gciaróg bualtraí.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an ghealdoirb mhór ar na feithidí uisce is mó. Is féidir í a bheith níos faide ná 5 ceintiméadar agus níos leithne ná 2 cm. Bíonn an cholainn dubh le loinnir scothghlas nó ar dhath olóige. Bíonn ag shúile ag gobadh amach agus aintéiní air a bhíonn idir scothdhearg agus dubh.

Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ann chiaróg seo dúchasach don réigiún pailé-arctach agus faightear í i gcuid mhór den Eoráise, ón Lochlainn ó dheas go dtí an Afraic Thuaidh, soir isteach sa Rúis, agus chomh fada soir ó dheas leis an India. Níl a dháiliúchán leanúnach a thuilleadh mar tá sí díothaíthe in áiteanna, san Iorua agus i Lucsamburg, mar shampla. Bíonn an ghealdoirb teoranta i roinnt áiteanna eile go corrghnáthóga.

Hydrophilus piceus ag eitilt


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]