Gealacha aoire
Cuma
Gealacha beaga nádúrtha a ndéanann is a gcoinníonn a réimsí imtharraingthe fáinní tanaí timpeall ar chuid de na pláinéid sheachtracha. D'fhionn Pioneer 11 fáinne F Satairn, ribín timpeall 100 km ar leithead. Rinne Voyager amach go raibh struchtúr an fháinne bréadaithe le dhá ghealach, Pandóra is Proiméitéas, gar d'imeall an fháinne. Fuarthas go bhfuil fáinne Eipsealón Úránais teorannaithe ag an dá ghealach Ophelia is Cordelia. Meastar gur gealacha beaga eile taobh istigh de na fáinní atá freagrach as na bearnaí sna fáinní is a struchtúr bréadaithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gealacha aoire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 309.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |