Gary Zukav

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGary Zukav

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Deireadh Fómhair 1942
81 bliana d'aois
Port Arthur, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard
Ardscoil Pittsburg Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Kansas Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmsaighdiúir, scríbhneoir neamhfhicsin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinseatofthesoul.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0970572 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir is ea Gary Zukav.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Gary Zukav in Port Arthur, Texas ar an 17 Deireadh Fómhair 1942.

Fuair sé céim ollscoile ó Ollscoil Harvard i 1965. Liostaigh sé in Airm na Stáit Aontaithe sa bhliain chéanna. Ghlac sé páirt i gCogadh Vítneam le linn a bhlianta san airm agus d'fhág sé an airm i 1968.

A chéad leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Zukav ar ais go dtí na Stáit Aontaithe i 1970 agus tar éis roinnt blianta trioblóideacha nuair a bhí baint nó ró-bhaint aige le drugaí, gnéas agus cúpla rud eile scríobh sé agus d'fhoilsigh sé an leabhar Dancing Wu Li Masters faoi fhisic chandamach i 1979.

Leabhair spioradáltachta agus teagaisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tosú leis The Seat of the Soul a tháinig amach i 1989, tá naoi leabhar faoin ábhar spioradáltachta scríofa ag Zukav. Tá 6 mhilliún cóip de leabhair a scríobh sé i gcló agus tá a chuid leabhar aistrithe go dtí 24 teangacha éagsúla.


Ó 1998 i leith, bhí sé ina aoi ar an chlár teilifíse The Oprah Winfrey Show breis is 30 uaire, rud a chruthaigh deiseanna dó an-chuid poiblíochta a fháil dá chuid leabhar agus dá chreidimh spioradáltachta. Bhunaigh sé Seat of the Soul Institute lena pairtnéir Linda Francis an bhliain chéanna. Bíonn Zukav le feiceáil ar chlár Super Soul Sunday le Oprah Winfrey ar líonra Winfrey OWN go fóill in amanna.

Leabhair san iomlán[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Spiritual Partnership (2010).
  • Soul to Soul (2007).
  • Self-Empowerment Journal: A Companion to The Mind of the Soul: Responsible Choice (2003), le Linda Francis.
  • The Mind of the Soul: Responsible Choice (2003), med Linda Francis.
  • Thoughts from the Heart of the Soul: Meditations for Emotional Awareness (2002), le Linda Francis.
  • The Heart of the Soul: Emotional Awareness (2002), le Linda Francis.
  • Thoughts from the Seat of the Soul (2001).
  • Soul Stories (2000).
  • The Seat of the Soul (1989).
  • The Dancing Wu Li Masters: An Overview of the New Physics (1979).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]