Galar caora caife
Cuma
Colletotrichum kahawae | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Fungi |
Aicme | Sordariomycetes |
Fine | Glomerellaceae |
Géineas | Colletotrichum |
Speiceas | Colletotrichum kahawae |
Galar trom fungasach a ionsaíonn na caora ar thoim caife Arabaigh, á ndubhú is á milleadh. Tháinig sé i láthair ar dtús sa Chéinia sna 1920idí, agus scaip ar fud na hAfraice. Níl sé chomh trom fós sna hilchríocha eile. Scaipeann stealladh na báistí an galar, go mór mór stealladh iarmhair ó bharr na bliana roimhe. Is deacair é a chloí le sprae fuingicídeach, agus tá cineálacha frithsheasmhacha á saothrú.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Galar caora caife". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 301.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |