Galar airde
| Cineál | Altitude sickness (en) |
|---|---|
| Speisialtacht leighis | leigheas éigeandála |
| Cóireáil chliniciúil | |
| Comharthaí | éidéime ceirbreach, anoireicse, masmas, urlacan, weakness (en) |
| Cóireáil | pharmacotherapy (en) |
Cógais | |
| Pataigineas | |
| Cúis | anoxia (en) |
| Aicmiú | |
| ICD-10 | T70.2 |
| ICD-9 | 993.2 |
| Acmhainní seachtracha | |
| Enciclopèdia Catalana | 0192405 |
| DiseasesDB | 8375 agus 29615 |
| MedlinePlus | 000133 |
| eMedicine | 303571 |
| MeSH | D000532 |
| UMLS CUI | C0002351 agus C4045968 |
Drochiarmhairtí ar dhuine ag airde mhór os cionn gnáthleibhéal na farraige is ea galar airde,[1] a thosaíonn timpeall 2,500 m thuas agus a éiríonn níos measa de réir na hairde. Baineann an tinneas seo le turas ar bith go sléibhte arda, a dhéantar rósciobtha, gan dul i dtaithí ar an airde i dtosach.[2]

Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Laghdaíonn an tiúchan ocsaigine san aer de réir mar a mhéadaíonn an airde, ionas go dtagann giorra anála ar dhuine agus go dtosaíonn sé ag hipearanálú (ag análú go tapa).
Cuireann an airde mhór isteach ar chothromaíocht na sreabhán sa cholainn freisin: tiubhaíonn an fhuil, táirgeann an cholainn cuid mhaith fuail, agus tarlaíonn díhiodráitiú muna n-ionghabhann an duine sreabhán go rialta.
Má bhíonn an dul in airde róthapa, ionas nach féidir leis an gcolainn oiriúnú in am, tarlaíonn galar géar airde le torthaí cosúil le tinneas cinn, masmas, tuirse, meadhrán, codladh suaite, mearbhall, fiú bás.[3]
Cuibhiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oiriúnaíonn an cholainn don airde mhór trína thuilleadh cealla dearga fola a tháirgeadh chun breis ocsaigine a iompar ar fud na colainne.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ I mBéarla, altitude sickness
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (13 Feabhra 2026). "Fadhbanna móra á gcruthú ag an ‘ollturasóireacht’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-13.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Galar airde". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 301.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |