Gaileon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Gaileon Spáinneach (ar clé) ag scaoileadh le long chogaidh Ísiltíreach (ar dheis). Cornelis Verbeeck, c. 1618/1620
Gaileon Spáinneach

Long mhór ildeiceanna seoil ba ea an gaileon. Bhain na Spáinnigh feidhm aisti mar long lasta armtha agus bhain stáit Eorpacha eile feidhm aisti ina dhiaidh sin ón 16ú haois amach. Ba iad na gaileoin na longa ba mhó a úsáideadh mar longa cogaidh iad anuas go dtí na cogaí idir Sasana agus an Ísiltír sa 17ú haois.[1]

Tá sé áitithe go dtagann gaileon ó galeón na Spáinnise, "long armtha thrádála," ó galion na Fraincise ("long bheag") (13ú haois), ó galeão na Portaingéilise ("long chogaidh"), ó galea na Gréigise.[2] Ba iad na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh a rinne na gaileoin ba thoirtiúla agus iad á n-úsáid acu chun trádáil thar sáile; dhéanadh gaileoin Mhainile turas gach bliain ar feadh breis is 250 bliain idir na hOileáin Fhilipíneacha agus Acapulco i Meicsiceo, ag iompar airgid siar agus amhshíoda soir.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I lár an 16ú haois rinneadh athmhúnlú ar chabhail an charrac, long ard luchtmhar. Íslíodh an caiseal tosaigh agus fadaíodh an chabhail i dtreo go raibh an long níos daingne san uisce agus gur laghdaíodh an ghaothsheasmhacht. D’fhág sé seo go raibh an long níos luaithe agus níos so-ionramháilte.[4][5] Bhí gob fada uirthi agus caiseal ard tosaigh aici díreach siar ón tosach, deireadh cearnógach aici, trí nó ceathair de chrainn inti a d’iompair coirneoga agus seolta fad loinge, agus sraith nó dhó de ghunnaí aici ar na cliatháin.[3] Sa Phortaingéil, ar a laghad, is minic a bhíodh na carracanna an-mhór (os cionn 1,000 tonna go minic) ach bhíodh na gaileoin faoi bhun 500 tonna de ghnáth, cé go mbíodh gaileoin Mhainile suas le 2,000 tonna. Nuair a tugadh gaileoin isteach in Armáidí Portaingéalacha na hIndia sa chéad cheathrú den 16ú haois baineadh an chuid is mó de na gunnaí as na carracanna agus rinneadh lastlonga díobh, ós iad na gaileoin a bheadh ag troid.

Ba iad na captaein Pedro Menéndez de Avilés agus Álvaro de Bazán a dhear an chéad ghaileon don Spáinn sna 1550idí.[6][7][8]

Longa ilfheidhmeacha ba ea na gaileoin, agus d’fhéadfaí long den chineál seo a athghléasadh don chogadh seal agus don tsíocháin seal. Nuair a chuaigh Armáid na Spáinne i ngleic le cabhlach Shasana in 1588 ba ghaileoin iad na príomhlonga cogaidh ar an dá thaobh; bhí gaileoin thapa na Sasanach go maith chun ionsaí, ach bhí buanseasmhacht i ngaileoin luchtmhara na Spáinne i rith an chomhraic agus sna stoirmeacha móra ar an mbealach abhaile, agus tháinig a bhformhór slán.

Déanamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pionna agus gustún ar stiúir gaileoin
Mionsamhail de ghaileon Sasanach le ceithre chrann (ó chlé go deas):
Crann deiridh thiar (bonaventura), seol laidineach air agus é níos ísle ná an crann deiridh mór.
Crann deiridh (níos ísle ná an crann cinn de ghnáth agus seol laidineach air).
Crann mór, an crann is airde. Eisean is gaire do lár na loinge má tá breis is trí chrann ann.
Crann cinn/tosaigh, an dara crann is airde.

Ba iad airíonna an ghaileoin an gob fada, an crann agus an crann mór, crann deiridh nó dhá chrann deiridh le slata claonta laidineacha agus an gailearaí cearnógach ceathrún thíos fúthu.

Dhéanfaí an chíle as adhmad daire agus na crainn as adhmad péine, agus dhéanfaí an chabhail agus an deic as chrua-adhmaid éagsúla. Cabhail phlainc is mó a bheadh ann. Bhí costas mór ag baint leis an ngnó agus na céadta ceardaí (siuinéirí, lucht leáite pice, gaibhneacha, cúipéirí, saoir loinge) ag obair de lá is d’oíche. Is minic a thagadh lucht gnó le chéile chun íoc as tógáil na loinge, agus dá bhrí sin chuirtí formhór na ngaileon i gceann trádála, cé go n-úsáidfí gaileon gafa mar long chogaidh.

Ba é an leathchulvairin an gunna ba choitianta ar bord gaileoin, cé go bhféadfaí gunna chomh trom le gunna leathmhór a úsáid.

Is iomaí mairnéalach a fuair bás ar bord de thoradh na hainnise agus seal chomh fada sin a chaitheamh ar an turas, agus dá bhrí sin baineadh tairbhe as rigín a ligfeadh do chriú beag an long a thabhairt abhaile.

Rinne na gaileoin leagan amach an rigín choirneogaigh a shocrú as sin amach, le crann mór sa lár agus crann cinn a bhí beagán níos ísle, ach baineadh feidhm as seol laidineach chun seoladh níos gaire don ghaoth ná mar a dhéanfadh long choirneogach. Bhí tábhacht leis seo in uiscí cúnga agus go háirithe ar thuras fada nuair choiscfí na céadta míle slí duit ach seoladh cúpla aird den chompás níos gaire don ghaoth seachas bualadh chuige.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lane, Kris E.. Pillaging the Empire: Piracy in the Americas 1500-1750. M. E. Sharpe, 1998. ISBN 978-0-7656-0257-2
  2. http://www.etymonline.com/index.php?term=galleon
  3. 3.0 3.1 ”Galleon” in The Encyclopedia Brittanica: https://www.britannica.com/technology/galleon
  4. [1] "Os Navios e as Técnicas Náuticas Atlânticas nos Séculos XV e XVI": Os Pilares da Estratégia 3C – Rear Admiral Antonio Silva Ribeiro – Revista Militar
  5. [2] Galeão – Navegações Portuguesas, Francisco Contente Domingues
  6. "The galleon evolved in response to Spain's need for an ocean-crossing cargo ship that could beat off corsairs. Pedro de Menéndez, along with Álvaro de Bazán (hero of Lepanto), is credited with developing the prototypes which had the long hull—and sometimes the oars—of a galley married to the poop and prow of a Portuguese nau or merchantman. Galeones were classed as 1-, 2- or 3-deckers, and stepped two or more masts rigged with square sails and topsails (except for a lateen sail on the mizzenmast). Capacity ranged up to 900 tons or more. Menéndez's San Pelayo of 1565 was a 900-ton galleon which was also called a nau and galeaza. She carried 77 crewmen, 18 gunners, transported 317 soldiers and 26 families, as well as provisions and cargo. Her armament was iron."— Manucy, Albert C. (1997). Menéndez: Pedro Menéndez de Avilés, Captain General of the Ocean Sea. Pineapple Press, Inc: lch 100.
  7. Walton, Timothy R. (2002).The Spanish Treasure Fleets. Pineapple Press Inc: lch 57. ISBN 1-56164-261-4
  8. Rinne an Fhrainc agus Sasana aithris ar na longa Ibéaracha agus feidhm á baint as spiairí chuige. Chuaigh saoir loinge Shasana a mbealach féin agus d’fhan na Portaingéalaigh dílis dá modhanna deartha féin anuas go dtí na 1590idí nó níos faide. (João da Gama Pimentel Barata, "O galeão português (1519-1625)," in Estudos de Arqueologia Naval, vol. I, Lisboa, IN-CM, 1989)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Alertz, U. (1991) Vom Schiffbauhandwerk zur Schiffbautechnik : die Entwicklung neuer Entwurfs- und Konstruktionsmethoden im italienischen Galeerenbau (1400-1700), Hamburg : Kovač, ISBN 3-925630-56-2
  • Humble, R. and Bergin, M. (1993) A 16th Century Galleon, sraith Inside Story, Hemel Hempstead : Simon & Schuster, ISBN 0-7500-1339-7
  • Kirsch, P. (1990) The Galleon: the great ships of the Armada era, London : Conway Maritime, ISBN 0-85177-546-2
  • Rutland, J. (1988) A Galleon, 2ú heagrán athcheartaithe, Connaty, M. (eag.), London : Kingfisher, ISBN 0-86272-327-2
  • Serrano Mangas, F. (1992) Función y evolución del galeón en la carrera de Indias, Colección Mar y América 9, Madrid : Editorial MAPFRE, ISBN 84-7100-285-X

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coga

Long fhada na hÉireann

Gluais de théarmaí seoltóireachta

Saoirseacht thraidisiúnta loinge

La Girona (long)