La Girona (long)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachLa Girona
Stair
Longbhriseadh
26 Deireadh Fómhair 1588

55°14′46″N 6°30′15″W / 55.2462°N 6.5043°W / 55.2462; -6.5043 Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoir(í)
Saintréithe teicniúla
Cineállong Cuir in eagar ar Wikidata
Radharc ar Phort na Spáinneach i gContae Aontroma, c.1888.
Cófra taisce de chuid na hArmáide a baineadh aníos as cabhlach La Girona fadó, is dócha.

Gailias ba ea La Girona agus baint aici le hArmáid na Spáinne sa bhliain 1588. Bádh í láimh leis an Leac Fhada i gContae Aontroma um meán oíche ar an 26 Deireadh Fómhair. Is cuid suntais í toisc gur bádh an oiread sin fear inti agus gur baineadh taisce mhór aisti.

Ainmníodh La Girona (/ lɑː xɪˈrɔːnɑː /) as na Girones, muintir a raibh ball di tar éis teideal Dhiúc Osuna a ghlacadh agus a bhí ina Fhear Ionaid ar Napoli.[1] Ba é an captaen Hugo de Moncada y Gralla, ridire d'Ord Mhálta.[1]

Boinn óir ó La Girona
Cros óir ba le ridire de Naomh Eoin d’Iarúsailéim, Ord Mhálta: cros Hugo de Moncada y Gralla, is dócha.

Briseadh na loinge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh La Girona ar ancaire ag na Cealla Beaga i nDún na nGall chun go ndeiseofaí an stiúir. Tugadh timpeall 1,300 fear ar bord ó dhá long bhriste eile: La Rata Santa Maria Encoronada, long a shuigh i gCuan an Fhóid Duibh ar chósta Chontae Mhaigh Eo agus Duquesa Santa Ana, long a shuigh i nGaoth Luacharois Mór i nDún na nGall.

Deisíodh La Girona le cabhair ó Mhac Suibhne Boghaineach agus thug a captaen Alonso Martinez de Leyva a aghaidh ar Albain ar an 25 Deireadh Fómhair, “having for his pilots three Irishmen and a Scot”.[2] Bhí timpeall 1,300 fear ar bord. D’fhág an long Loch Feabhail ach tháinig gála ina coinne agus bádh í ag an Leac Fhada in aice le Dún Libhse i gContae Aontroma ar an 28 Deireadh Fómhair 1588.[3] Níor tháinig slán ach naonúr, agus chuir Somhairle Buí Mac Domhnaill anonn chun na hAlban iad.[4]

Tarrtháil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Somhairle Buí Mac Domhnaill trí ghunna mhóra práis agus dhá chófra taisce as an long sa bhliain 1588.

Sna blianta 1967 agus 1968 thug buíon tumadóirí Beilgeacha taisce mhór aníos leo.[5][6] Tá an seodra óir úd ar taispeáint i Músaem Uladh i mBéal Feirste.

Ainmníodh an long sa Protection of Wrecks Act ar an 22 Aibreán 1993.

Taispeáint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá boinn óir agus airgid, seodra, airm agus gnáthearraí ó La Girona ar buantaispeáint in Iarsmalann Uladh i mBéal Feirste.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "La busca de galeones. Pasado y actualidad". Comhdháil le Hugo O'Donnell, Diúc Tetuan agus Diúc Tetuan agus ball d'Acadamh Ríoga na Staire sa Spáinn, 6 Samhain 2019.
  2. The examination of James Machary of the Cross within the county of Tipperary, taken before the Lord Deputy. IRELAND ELIZABETH. 25. I. 99 - KQQ VOL. CXXXIX. Calendar of the State Papers.
  3. Hutchinson, lgh 191-193
  4. http://www.english-heritage.org.uk/upload/pdf/ACHWS_annual_report_2005.pdf La Girona: Annual Report of the Advisory Committee on Historic Wrecks, 2005, Advisory Committee on Historic Wreck Sites, lch 35
  5. Sténuit, Robert (1973). Treasures of the Armada (aist. Francine Barker). Nua-Eabhrac: E.P. Dutton & Co. ISBN 0-525-22245-6
  6. "colerainebc.gov.uk". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2014-01-27.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Calendar of the State Papers relating to Ireland, of the Reigns of Henry VIII, Edward VI, Mary, and Elizabeth

Hutchinson, Robert (2013). The Spanish Armada. Weidenfeld & Nicolson. ISBN 978-0-297-86637-4

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]