Gaelchultúr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGaelchultúr
Sonraí
Cineálcomhlacht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2004

Bunaíodh Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

Chuir Gaelchultúr tús le ranganna Gaeilge don phobal i gcoitinne in earrach na bliana 2005, agus ó shin i leith tá méadú mór tagtha ar líon na bhfoghlaimeoirí agus ar an réimse cúrsaí teanga atá á thairiscint againn.

Ag deireadh na bliana 2011, bhain Gaelchultúr stádas amach mar sholáthróir dámhachtainí ó Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (CDAOO nó FETAC) .

Cuireadh tús leis an gcéad sainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí, Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, i mí Dheireadh Fómhair 2012 agus tá an cúrsa sin ar fáil anois ag leibhéil 3–6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

I samhradh na bliana 2013, bhronn Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCÉ) stádas mar choláiste tríú leibhéal ar Ghaelchultúr. Lena chois sin, tugadh cead dóibh 'Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán' a chur ar fáil, ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Bhí tús curtha, mar sin, le Coláiste na hÉireann, an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]