Jump to content

QQI

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaQQI
Sonraí
GiorrúchánQQI Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaireacht rialtais
accrediting body (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2012
Gníomhaíocht
Ball deCumann Eorpach na nOllscoileanna
Global Academic Integrity Network (en) Aistrigh
European Association for Quality Assurance in Higher Education Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinqqi.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: QQIreland X: QQI_connect LinkedIn: quality-and-qualifications-ireland-qqi- Youtube: UCe1oWTd0vFoIv3yzanJjwJA Youtube: qqi653 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Is gníomhaireacht stáit neamhspleách é QQI (Béarla: Quality and Qualifications Ireland; Gaeilge: Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann) atá freagrach as cáilíocht, ionracas agus clú den chóras breisoideachais agus ardoideachais in Éirinn a chur chun cinn.

Tá siad freagrach as dearbhú cáilíochta seachtrach a dhéanamh ar bhreisoideachas agus ardoideachas agus oiliúint i bPoblacht na hÉireann.

Déanann siad cláir a bhailíochtú, dámhachtainí a bhronnadh agus is siadsan atá freagrach as an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) a chur chun cinn, a chothabháil, a fhorbairt agus a athbhreithniú.

Ina theannta sin, cuireann siad an pobal ar an eolas maidir le cáilíocht na gclár agus na gcáilíochtaí oideachais agus oiliúna, agus cuireann siad comhairle ar an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais maidir le beartas náisiúnta i dtaobh dearbhú cáilíochta agus breisiú an oideachais agus na hoiliúna in Éirinn.

Bunaíodh QQI in 2012 tar éis teacht le chéile idir an tÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna / FETAC, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna / HETAC agus Bord Feabhais Ollscoileanna na hÉireann.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Quality and Qualifications Ireland / QQI