Jump to content

Gael-Astrálaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Grúpa DaonnaGael-Astrálaigh
Cineálgrúpa eitneach
Bratach na nGael-Astrálach

Pobal Éireannach agus a sliocht san Astráil iad na Gael-Astrálaigh.[1]

Tháinig go leor go dtí an Astráil san ochtú haois déag mar lonnaitheoirí nó mar dhaoine a ciontaíodh agus a aistríodh ann, agus chuir siad le forbairt na hAstráile i réimsí éagsúla go leor. Go deireadh na 19ú haoise is Éireannaigh a bhí in thart ar an tríú cuid de dhaonra na hAstráile.

I ndaonáireamh 2011 mhaígh 2,087,800 Astrálach (10.4% den daonra iomlán) gur de bhunadh na hÉireann iad ar shlí éigin.

I ndaonáireamh 2006 mhaígh 50,256 cónaitheoirí de chuid na hAstráile gur rugadh iad i bPoblacht na hÉireann agus mhaígh 21,292 duine eile gur rugadh i dTuaisceart Éireann iad. Na cathracha ba mhó daonra a rugadh in Éirinn ag an am ná Sydney (12,730), Melbourne (8950) agus Perth (7060).

Ó thuairt an geilleagar i 2007 d'ardaigh sé go tréan - go 96,360 i 2013. Bhí sé ag laghdú de réir a chéile ó 2014 go dtí 2023 nuair a thosaigh sé ag méadú arís go tréan. 9,000 de mhéadú a bhí ar an bhfigiúir i 2023.[2]

I mí an Mheithimh 2024, léirigh na sonraí ó Bhiúró Staitisticí na hAstráile go raibh 103,080 duine a saolaíodh in Éirinn (a raibh pasanna Éireannacha acu is dócha) ag cur fúthu san Astráil, 8,500 duine sa mbreis ar an 94,540 a cláraíodh in 2023.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Irish-Australian
  2. Nuacht RTÉ (2025-05-01). "100,000 a rugadh in Éirinn ina gcónaí anois san Astráil" (as ga-IE). 
  3. A mhalairt scéil atá ann i gcás daoine as tíortha eile san Aontas Eorpach. Mar shampla, bhó an líon Iodálach san Astráil tite ó 223,000 i 2004 go 156,000 in 2024.