Gaeilge meán na mara
Cineál | language variety (en) ![]() |
---|---|
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna na teangacha Ind-Eorpacha na teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Gaelacha Gaeilge na hAlban |

Is é Gaeilge meán na mara an t-ainm a thugtar ar an gcanúint nua lárnach agus tras-réigiúnach de Ghaeilge na hAlban. Tá sí bunaithe ar na príomh-chanúintí a mhaireann go fóill. Tá ainmneacha eile uirthi ag daoine i mBéarla nó i nGaeilge na hAlban leis, Mid-Minch Gaelic [1][2][3], Standard Hebridean,[4] BBC Gaelic, Gàidhlig bhun-tomhasach[5] (Standard Gaelic)[6] nó Gàidhlig Mheasgaichte (Mixed Gaelic).[7]
Tá an chuid is mó de na canúintí a chuireann léi in Iarthuaisceart Gaeltacht na hAlban agus na n-Oileáin, chomh maith le Ros Aniar, na hOileáin Siar agus an t-Eilean Sgitheanach. Ós rud go bhfuil an cheithre ar imeall an Cuan Sgíth, is é Gàidhlig meadhan na mara a thugtar uirthi.
Cosúil le cothromú canúna go ginearálta, tá a lán fachtóirí i gceist leis an gcás so, mar shampla fás na meáin Ghaelacha (mar shampla BBC Radio nan Gàidheal agus BBC Alba), Foghlaim trí Mheán na Gaeilinne, meath na gcanúintí (m.sh. i gCataibh nó i bPeairt) agus gluaiseacht na nGael go dtí na cathracha ina mbuaileann daoine le canúintí eile.

Foghlaim trí mheán Ghaeilge na hAlban[cuir in eagar | athraigh foinse]
De réir taighde, tá canúintí na múinteoirí ag baint go háirithe leis an gcothromú so. I mbunscoileanna ar fud na hAlban, is í Gáidhlig Leódhais atá ag an gcuid is mó (25%), deir 21% nach bhfuil canúint ar leith acu, labhraíonn 17.5% Gaeilinn Uibhist a Deas, 9% Gaeilinn an Eilein Sgitheanaigh agus tá timpeall 8% ag Barraigh, na Hearadh agus Uibhist a Tuath.[7]
Tá “blas Ghlaschú” ag mic léinn Sgoil Ghàidhlig Ghlaschu, a scríobh Dr. Claire Nance. Tá tionchar ag Béarla Ghlaschú ar an gcanúint seo; tá tuin chainte Béarla air agus níl ach trí chonsan srónacha (fuaimeanna "n," "l," agus "r") ann. Tá trí fhuaim “n”, trí nó ceithre “l”, agus trí fhuaim “r” ag cainteoirí dúchais Ghaeilinn na h-Alban go ginearálta.[8]
Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]
- BBC An Là 01/01/2015: Dual-chainntean Ghàidhlig ùra (tráchtaireacht físe 3:10)
Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Lamb, Will A diachronic account of Gaelic news-speak: The development and expansion of a register (1998) Edinburgh Occasional Papers in Linguistics
- ↑ Gaelic dialects dying out as mid-Minch voices take over
- ↑ "W. MacLeod Dialectal diversity in contemporary Gaelic: perceptions, discourses and responses". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-05-07. Dáta rochtana: 2020-08-07.
- ↑ Black, Ronald Cothrom Ionnsachaidh (2006) Dùn Èideann ISBN 0906981336
- ↑ Bauer, Michael Blas na Gàidhlig: The Practical Guide to Scottish Gaelic Pronunciation (2011) ISBN 978-1907165009 Akerbeltz
- ↑ Wentworth, Roy Briathrachas Cànanach (2003)
- ↑ 7.0 7.1 Dual-chainntean a' dol à bith
- ↑ Claire Nance (2015-09). "‘New’ Scottish Gaelic speakers in Glasgow: A phonetic study of language revitalisation" (as en). Language in Society 44 (4): 553–579. doi: . ISSN 0047-4045.