Daniel Gabriel Fahrenheit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDaniel Gabriel Fahrenheit

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1686
Gdańsk Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Meán Fómhair 1736
50 bliana d'aois
An Háig Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaKloosterkerk (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic
Suíomh oibre Amstardam (1717–1717)
An Danmhairg (1708–1708)
Amstardam (1702–1706)
An Háig Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfisiceoir, déantóir uirlisí, cumadóir, ceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
An Cumann Ríoga (1724–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Fisicí a rugadh i nGdańsk na Polainne (Danzig na Gearmáine ag an am) ab ea Daniel Gabriel Fahrenheit (24 Bealtaine 168616 Meán Fómhair 1736).

San Ísiltír a chaith sé an chuid ba mhó dá shaol. D'fhionn sé an teirmiméadar alcóil sa bhliain 1709, agus chuir mearcair in ionad alcóil sa teirmiméadar den chéad uair i 1714. D'fhionn sé scála teochta Fahrenheit. Ar an scála seo, is é 32 °F reophointe an uisce is 212 °F fiuchphointe an uisce, agus 180 céim chomhionann eatarthu.

Teirmiméadar mearcair

Sa teirmiméadar mearcair i ngloine, nuair a éiríonn an teocht forbraíonn an mearcair níos mó ná an ghloine, agus ritheann mearcair suas an feadán grádaithe. Bíonn na grádaithe marcáilte le luachanna teochta (i gcéimeanna Celsius de ghnáth anois) a dheimhnítear ag teochtaí atá ar eolas trí phróiseas calabraithe (grádaithe). D'fhionn Gabriel Fahrenheit an chéad teirmiméadar rathúil mar seo sa bhliain 1714.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gabriel Daniel Fahrenheit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.